Gaelscoil ag teacht go baile in aice leatsa go luath!
Tá 13 ghaelscoil nua le hoscailt an bhliain seo chugainn agus tá an Foras Pátrúnachta ag ullmhú iarratais faoi láthair chun feidhmiú mar údarás do na scoileanna nua.
Ach níl anseo ach an chéim is déanaí d’fhorás leanúnach na nGaelscoileanna.
Nó tá sé mar sprioc ag feachtas nua de chuid an Fhorais Pátrúnachta go mbeadh deis ag gach dalta scoile sa tír freastal ar ghaelscoil más mian leo. Tá eolas faoin bhfeachtas sin ar www.gaelscoil4all.ie.
I Meán Fómhar 2019, bunófar formhór na 13 scoil nua i mBaile Átha Cliath (8), le péire i gCill Dara agus scoil amháin i gCorcaigh, i gCill Mhantáin agus sa Mhí.
Tá an Foras Pátrúnachta ina phátrún ar an líon is mó gaelscoileanna ar fud na tíre faoi láthair. Go traidisiúnta in Éirinn bhíodh an Eaglais Chaitliceach ina pátrún ar na scoileanna agus is é an sagart paróiste a bhíonn ina chathaoirleach ar an mbord bainistíochta i gcuid mhór scoileanna go fóill. Beidh an Foras Pátrúnachta ag déanamh iarratais le bheith ina phátrún ar na scoileanna nua. “Tá éileamh ar áiteanna i ngaelscoileanna ag fás i gcónaí agus tá cuid mhór dár scoileanna lán go barr,” arsa Caoimhín Ó hEaghra, Príomhfheidhmeannach an Fhorais Pátrúnachta. “Tá géarghá le scoileanna nua.”