An tSraith Shóisearach nua – cad í?
Mar is eol daoibh go léir, tá cúrsa nua againn anois don tSraith Shóisearach agus is gá do dhaltaí i scoileanna T1 (scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge) agus i scoileanna T2 (scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla) staidéar a dhéanamh ar théacsanna difriúla. Mar sin, cuirfimid T1 nó T2 in aice le gach alt san iris seo, ionas go mbeidh a fhios agaibh cé dó an t-eolas! Is cúrsa iontach spleodrach é an cúrsa seo, é lán le gnéithe éagsúla den litríocht, agus beidh an-spraoi againn ag féachaint – le chéile - ar na hamhráin, na dánta, na gearrscannáin, na gearrscéalta agus na húrscéalta, ó sheachtain go seachtain!
Tá na liostaí léitheoireachta ar fad ar fáil ar www.jct.ie