An bhfuil sibh réidh leis an gcéad úrscéal a phlé?
(Úrscéal: scéal mór fada amháin ina bhfuil plota láidir)
Úrscéal – Daideo (Liosta ainmnithe – caithfidh sibh cloí leis an liosta!)
Tá cúrsa leathan i gceist leis an tsraith shóisearach nua seo ach beimid ag féachaint ar neart úrscéalta difriúla as seo go deireadh na bliana.
Achoimre
Is úrscéal corraitheach, brónach é Daideo faoi bhuachaill óg, Liam, atá ag teitheadh ón mbaile. Níl cúrsaí róshona i dteaghlach Liam mar bíonn a athair foréigneach go minic. Mar sin, le cúnamh a charad, Mícheál, beartaíonn Liam éalú ón mbaile agus dul go Baile Átha Cliath ar an traein. Agus Liam ar an traein, tugann Fear na dTicéad faoi deara go bhfuil sé leis féin agus cuireann sé ceist air cé atá ina theannta. Ligeann Liam air féin go bhfuil a mham leis ach í thuas sa chéad charráiste eile. Ní chreideann Fear na dTicéad é ach tagann seanfhear, atá ina shuí in aice le Liam, i gcabhair air agus ligeann sé air féin gur Daideo Liam é. An Ubh a ghlaonn Liam air mar tá sé maol. Fásann cairdeas an-deas idir Daideo agus Liam. Insíonn Daideo do Liam go bhfuil sé ag teitheadh óna pháistí atá ag iarraidh é a chur i dteach altranais. Tá an bheirt acu sa bhád céanna, is léir. Ag deireadh an turais, tagann eagla ar Liam. Níor chuimhnigh sé go mbeadh sé leis féin i gcathair mhór. Arís, tagann a chara nua i gcabhair air agus cuireann sé fáilte roimhe teacht leis go dtí an zú le cara eile, Mánus. Bíonn Liam sona sásta leis an bplean ach ní mar a shíltear a bhítear agus nuair a théann Liam isteach sa charr leis an mbeirt fhear, tuigeann sé go bhfuil siad á fhuadach! Buíochas le Dia, tagann na Gardaí ar an láthair. Chuir Fear na dTicéad glaoch orthu nuair a chonaic sé ‘Daideo’ agus Liam ag brostú ón traein. Cé go bhfuil casadh scanrúil san úrscéal seo, tagann Liam slán ar deireadh.
Foclóir:
corraitheach – moving
ag teitheadh – on the run
mar sin – thus/so
foréigneach – violent
ina theannta – in his company
teach altranais – nursing home
sa bhád céanna – in the same boat
ní mar a shíltear a bhítear – appearances can be deceiving
fuadach – kidnap
casadh scanrúil - scary twist
Téamaí san úrscéal seo
Anois, Soineantacht na hóige (youthful innocence) Fadhbanna teaghlaigh Cairdeas Contúirt/Dainséar Turas Bréaga/Caimiléireacht Mí-aibíocht (immaturity)
leis an duine in aice leat, déan plé ar cheann amháin de na téamaí sin agus déan iarracht teacht ar shliocht ón úrscéal ina bhfuil an téama sin le feiceáil.
Fútsa anois - Ceisteanna
Smaoinigh ar na ceisteanna seo agus tú ag léamh an leabhair; freagair iad agus é léite agat.
1. Ar thaitin an t-úrscéal seo leat? Cad a thaitin leat faoi?
2. Cén carachtar ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ort? Mínigh.
3. Céard í príomhtheachtaireacht an úrscéil seo, an dóigh leat?
4. Ar cheap tú go raibh an casadh ag an deireadh éifeachtach?
5. Cén fáth ar theith Liam ar an gcéad dul síos, an dóigh leat?
6. Ar chreid tú bréaga Dhaideo? Mínigh.
7. An dóigh leat gur phleanáil Liam a theitheadh i gceart? Mínigh.
8. An raibh críoch shona leis an úrscéal seo?
9. Déan cur síos ar stíl an scéil seo.
10. An molfá an t-úrscéal seo do dhéagóirí eile? Cén fáth?