An Pápa Proinsias – Cé hé féin?
Rugadh Jorge Mario Bergoglio i mBuenos Aires, san Airgintín, ar an 17 Nollaig 1936. Toghadh mar an 26ú Pápa den Eaglais Chaitliceach Rómhánach é ar an 13 Márta 2013 - an chéad phápa ó Mhór-roinn Mheiriceá. Ghlac an Cairdinéal Bergoglio a theideal mar phápa - An Pápa Proinsias - i ndiaidh San Proinsias Assisi ón Iodáil. Sular toghadh mar phápa é bhí sé ina ardeaspag ar Bhuenos Aires ó 1998 go 2013, mar chairdinéal den Eaglais Chaitliceach Rómhánach san Airgintín agus mar uachtarán ar Chomhdháil Easpaig na hAirgintíne ó 2005 go 2011. Nuair a toghadh Benedict mar phápa in 2005, ba é Jorge Mario Bergoglio a tháinig sa dara háit!
Bhí cúigear páistí ina theaghlach. B’oibritheoir é a athair ar an iarnród agus bean an tí ba ea a mháthair. D’oibrigh sé féin mar airíoch agus mar gharda i gclub oíche! Thart ar an am céanna, bhuail niúmóine é, bhí air dul faoi scian agus tógadh amach leath dá scamhóg.
Bhí an-dúil aige sa cheimic agus d’éirigh leis máistreacht a bhaint amach sa cheimic. Chaith sé seal ag obair mar mhúinteoir ach lean sé an ‘glao’ chun na nÍosánach agus oirníodh ina shagart é.
Nuair a ceapadh mar chairdinéal é, lean sé air ag úsáid córas iompar poiblí agus rinne sé a chuid cócaireachta féin. Ní chónaíonn sé i dteach cónaithe an phápa mar a bheifeá ag súil, ach i dteach lóistín sa Vatacáin. Déanann sé a chócaireacht féin go fóill nuair a fhaigheann sé an deis. Labhraíonn sé ocht dteanga dhifriúla. Ba phearsa na bliana é sa bhliain 2013 ar an irisleabhar Times. Tá 39.5 milliún duine á leanúint ar Twitter. Fuair an pápa Harley Davidson in 2013 ón gcomhlacht Harley Davidson agus dhíol sé é ag ceant in 2013. Ceannaíodh an gluaisrothar ar $327,000. Thug an pápa an t-airgead sin ar fad do bhrú agus do theach anraith sa Róimh.
An raibh deis agat féin dul go Cnoc Mhuire, Páirc an Chrócaigh nó Páirc an Fhionnuisce chun an pápa a fheiceáil?