Irish Independent - Seachtain

Laethanta saoire

-

Chuaigh mé chun na Spáinne i rith an tsamhraidh. D’fhan mé ann ar feadh coicíse i ndeisceart na tíre. Bhí mé ann le mo theaghlach. Bhí an tsaoire an-spraíúil ar fad. Bhí an aimsir thar cionn. Ní fhacamar a leithéid d’aimsir cheana. Bhí sé damanta te. Ní fhacamar aon bháisteach ar chor ar bith agus muid ann. Go deimhin bhí triomaigh uafásacha ar fud na Spáinne an samhradh seo mar gheall ar an tonn teasa. Bhí an tonn teasa ag leathnú ar fud dheisceart na hEorpa a fhad is a bhíomar sa Spáinn. Bhí an t-ádh linne go rabhamar ag fanacht i lóistín álainn cois farraige. Mar sin, ní raibh an teas chomh holc céanna ansin is a bhí sé in áiteanna eile i lár na tíre. Bhí teach beag ar cíos againn. Bhí trí sheomra codlata ann chomh maith le cistin bhreá, seomra folctha agus seomra suí. Bhí radharc aoibhinn againn ar an bhfarraige ón teach. Chaitheama­r ár gcuid ama i rith an lae ag snámh san fharraige, ag déanamh bolg le gréin, ag ithe bhia na háite sna bialanna áitiúla agus ag ithe uachtar reoite blasta. Bhaineamar an-taitneamh as comhluadar a chéile. Níor thugamar aon chuairt ar na hiontais áitiúla toisc go raibh sé an-te go deo agus bhí sé an-deacair a bheith ag siúl timpeall agus grian láidir na Spáinne ag spalpadh anuas orainn. Bhíomar ábhairín leisciúil b’fhéidir! D’imigh an choicís an-tapa ar fad agus faoi dheireadh na saoire, ní rabhamar ag iarraidh filleadh ar Éirinn. Theastaigh uainn ar fad fanacht seachtain amháin eile ar a laghad. Ní raibh aon neart air. Bhí orainn filleadh abhaile. Eitilt dhá uair an chloig abhaile a fuaireamar ón aerfort réigiúnach sa Spáinn go hAerfort Bhaile Átha Cliath. Bhí an eitilt breá suaimhneac­h, buíochas le Dia. Bhraitheam­ar fuacht na hÉireann a luaithe agus a osclaíodh doirse an eitleáin i mBaile Átha Cliath. Bhí a fhios againn go raibh na laethanta saoire go huile is go hiomlán thart ansin. Is gearr go mbeadh an scoilbhlia­in ag tosú arís!

Déan iarracht úsáid a bhaint as roinnt de na nathanna cainte seo sa scrúdú cainte agus tú ag caint faoi do laethanta saoire. Rachaidh siad i bhfeidhm go mór ar an scrúdaithe­oir! Gluais: chun na Spáinne = to Spain ar feadh coicíse = for a fortnight i ndeisceart na tíre = in the south of the country an-spraíúil = very enjoyable damanta te = extremely hot an tonn teasa = the heat wave bhí teach beag ar cíos againn = we rented a small house chaitheama­r ár gcuid ama i rith an lae = we spent our time during the day ag déanamh bolg le gréin = sunbathing na hiontais áitiúla = the local sights theastaigh uainn ar fad = we all wanted ní raibh aon neart air = it couldn’t be helped faoi dheireadh na saoire = by the end of the holiday bhraitheam­ar fuacht na hÉireann = we felt the cold of the Irish weather suaimhneac­h = peaceful

Ceisteanna

Tabhair faoi deara go bhfuil seans ann go gcuirfeadh an scrúdaithe­oir ceisteanna ort faoin samhradh seo caite NÓ an samhradh atá le teacht. Freagair iad seo thíos.

1. Cá raibh tú anuraidh ar do laethanta saoire?/Cá mbeidh tú ag dul ar saoire tar éis na hArdteiste?

2. Cé a chuaigh leat?/Cé a bheidh ag dul leat?

3. Cad a rinne tú ann?/Cad a dhéanfaidh tú ann?

4. Cén áit ar fhan tú ann?/Cá mbeidh tú ag fanacht?

5. Ar bhain tú sult as?/ An bhfuil tú ag súil leis?

6. Déan cur síos ar an áit ab fhearr ina raibh tú ar saoire.

Gníomhaíoc­htaí

• Lig ort gur gníomhaire taistil thú. Déan iarracht custaiméir a mhealladh chun teacht go Baile Átha Cliath ar saoire.

• Ullmhaigh píosa cainte ar thionchar dhea-aimsir an tsamhraidh seo ar an ngeilleaga­r (economy).

• Ullmhaigh píosa cainte faoin easpa uisce in Éirinn le linn na toinne teasa.

Ceacht Gramadaí

Beidh freagraí na gceisteann­a thíos sa chéad eagrán eile de Réidh le Plé Dé Céadaoin seo chugainn.

Ceisteanna a bhaineann leis an ngramadach: Ceist 6A na hArdteiste

1. Aimsigh sampla amháin d’ainmfhocal firinscnea­ch sa sliocht thuas.

2. Breac síos dhá shampla d’ainmfhocal baininscne­ach sa sliocht thuas.

3. Scríobh amach sampla amháin d’urú sa sliocht thuas.

4. Aimsigh trí shampla d’ainmfhocal atá sa tuiseal ginideach sa sliocht thuas.

5. Luaigh dhá shampla d’aidiacht san uimhir iolra sa sliocht thuas.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland