Iriseoireacht scríofa fágtha ar lár sna Gradaim Chumarsáide
Tá réaltaí na meán Gaeilge ríméadach an tseachtain seo tar éis gur foilsíodh gearrliostaí do Ghradaim Chumarsáide Oireachtas na Gaeilge.
Den chéad uair ó bunaíodh na gradaim, ní bheidh aon duais á bronnadh ar iriseoir a bhíonn ag obair sna meáin scríofa nuair a bheidh na gradaim á mbronnadh ar réaltaí raidió is teilifíse ag an ócáid bhronnta ar Oíche Shamhna i gCill Airne. I mbliana áfach, beidh gradam á bhronnadh ar an bhfeachtas meán sóisialta is fearr. Tá teacht ar na gearrliostaí ag www.antoireachtas.ie.