Ag blaiseadh na Gaeilge
Beidh daltaí meánscoile ar fud na Polainne ag fáil blaiseadh den Ghaeilge mar chuid de thogra Lá Eorpach na dTeangacha atá á chomhordú ag Ambasáid na hÉireann sa tír sin.
Beidh múinteoirí in Éirinn i mbun ranganna ar Skype. Is iad na spriocanna atá ag na ranganna léiriú go bhfuil an Ghaeilge difriúil leis an mBéarla, roinnt bun-abairtí a mhúineadh do na daltaí, agus míniú ar úsáid na Gaeilge a thabhairt do na rannpháirtithe.
Beidh sé rang ann ar a laghad do ghrúpaí ina mbeidh suas le 15 dhalta sna ranganna a bheidh ar siúl an tseachtain seo chugainn.