COIMEÁD SÚIL AR
Corn Ryder
Ní fada uainn deireadh na míosa agus tús Chorn Ryder. Chaill foirne na Stát Aontaithe naoi gcinn as 11 chomórtas, go dtí gur athraíodh córas bainistíochta na foirne agus sa deireadh tháinig an bua in 2016.
Tá dúshlán nua anois os a gcomhair agus sin bua a fháil taobh amuigh de Mheiriceá den chéad uair le 25 bliain. Ar pháipéar, is acu atá an lámh is láidre.
Tá foireann óg acu agus seachtar faoi 30 bliain d’aois agus cleachtadh acu freisin ar an mbuachaint.
Beidh le feiceáil an bhfuil éacht stairiúil eile os a gcomhair.