Gníomhaíochtaí
1. Lig ort gur Daideo thú. Scríobh cuntas dialainne an chéad oíche duit a bheith sa phríosún tar éis duit iarracht a dhéanamh Liam a fhuadach.
2. Scríobh comhrá fóin idir Fear na dTicéad agus na Gardaí agus é ag insint dóibh go bhfuil Liam ag imeacht ón traein le fear strainséartha.
3. Samhlaigh gur foilsitheoir thú! Cén sórt clúdaigh a chuirfeá ar an úrscéal seo? Úsáid do shamhlaíocht – cad a bheadh éifeachtach?
4. Is iriseoir thú. Scríobh script de thuairisc atá le tabhairt agat ar Nuacht TG4. Cad iad na sonraí a bheadh de dhíth ort chun an scéal a insint don lucht féachana?