Baile Gaeltachta ‘scoilte ina dhá leath’ ag togra drioglainne
Deireadh le plean 44 post a chruthú de bharr aighneas talún
Tá AIGHNEAS faoi úinéireacht talún tar éis baile Gaeltachta a scoilteadh ina dhá leath, agus deireadh a chur leis an deis 44 post a chruthú i ndrioglann.
Bhí an Bull Field ar an gCarraig i gContae Dhún na nGall le forbairt mar láthair le haghaidh monarcha nua, a bheadh dírithe ar thurasóirí a thugann cuairt ar na haillte cósta is airde in Éirinn atá in aice láimhe.
Ach tá togra Dhrioglann Shliabh Liag – a ainmníodh i ndiaidh na n-aillte sin – ar an trá fholamh anois de bharr aighneas talún, mar is dual d’Éireannaigh. Tugadh cead pleanála, agus níor sheas an Bord Pleanála le roinnt aighneachtaí ó chúpla duine áitiúil a chuir i gcoinne an togra.
Ach tá úinéir na páirce i mbun CAINGEAN DLÍ le muintir Byrne, dream áitiúil a éilíonn go ndearnadh comhaontú leo roimhe seo chun an talamh a cheannach. Dhiúltaigh an t-úinéir é sin agus deir sé go bhfuil na gníomhais teidil fós aige agus nár cuireadh aon socrú i gcrích riamh.
D’fhéadfaí cinneadh a thabhairt ar an aighneas nuair a thugtar an cás os comhair breithimh i gCúirt Chuarda Shibhialta Dhún na nGall an 7 Deireadh Fómhair.
Ach beag beann ar cé a ghnóthóidh an cás sin, chuirfeadh achomharc ar bith moill eile ar an gcás agus deir úinéir Dhrioglann Shliabh Liag James Doherty nach bhfuil a infheisteoirí in ann fanacht níos faide. Cheannaigh sé talamh in Ard an Rátha, 23 km ar siúl ón gCarraig. Tá an caillteanas le brath go mór i mbaile Gaeltachta na Carraige, agus caillfear an drioglann jin freisin a d’oscail an chuideachta chéanna cheana féin ar láithreán eile.
DÍOMÁ
“Mar gheall ar an moill leis an láithreán reatha ar an gCarraig, bhí orainn amharc ar áit eile chun ár n-aisling a fhíorú, is é sin an chéad drioglann uisce beatha i mbeagnach 180 bliain a thógáil i nDún na nGall,” a dúirt James Doherty.
“Tuigimid go bhfuil díomá ar mhuintir na Carraige, tá díomá orainne freisin – go háirithe iad siúd a thacaigh lenár n-iarrachtaí agus a throid ar ár son an bealach ar fad. Ach tá an mhoill seo ina scamall ar phleananna an ghnó rófhada anois, agus cé go rabhamar an-fhoighneach, ní féidir linn fanacht níos faide.
“Tá paisean chun oidhreacht driogtha Dhún na nGall a
nuachan fós ag croí spreagadh Dhrioglann Shliabh Liag; tagann ár n-inspreagadh le haghaidh An Dúlamán Irish Maritime Gin agus The Legendary Silkie Irish Whiskey ó mhuinín i saibhreas cultúir Ghaeltacht Thír Chonaill. Ach má tá an gnó le leanúint air ag fás, ní féidir linn ligean d’aighneas áitiúil moill eile a chur orainn.”
Dúirt James mar fhocal scoir: “Táimid díreach ag críochnú eisiúint scaireanna nua rathúil, agus táimid ag easpórtáil ár mbrandaí ar fud ceithre mhór-roinn anois; cabhróidh an láithreán nua beartaithe in Ard an Rátha linn tógáil ar an móiminteam a chabhraigh linn an gnó a fhás go hidirnáisiúnta cheana féin.”
Tá an caillteanas ag goilleadh go mór ar Údarás na Gaeltachta, agus dúirt ionadaithe le cruinniú poiblí ag an deireadh seachtaine go bhfuil siad ag déanamh a seacht ndícheall na poist a choinneáil ar an gCarraig.
Ciallaíonn sé go bhfuil an dóchas go gcoinneofaí turasóirí ar an gCarraig sna blianta amach romhainn imithe.