Na Buaiteoirí
Tá an séasúr thart le haghaidh bliana eile. Tá na tuairiscí scríofa, na geansaithe nite, na ceapairí ite agus na fleascanna tae ólta.
Ach, anois, an cheist is tábhachtaí...cá coirn? bhfuil na Mar is gnách, bhí Páirc an Chrócaigh dubh le daoine don chluiche ceannais sa pheil i mbliana, agus cad ina thaobh nach mbeadh leis an gcomhrac mór a bhí leagtha amach gcomhair na hiarnóna. Ar dtús, thug i Ciarraí aghaidh ar Ghaillimh. D’éirigh leis
An Ríocht an lámh in uachtar a fháil ar lucht na
Gaillimhe a d’fhág gur bhain siad curiarracht amach. Den chúigiú bliain as a chéile, tá Craobh
Mhionúr na hÉireann sa pheil buaite ag Comhghairdeas leo! Ciarraí. I ndiaidh chluiche na mionúr, tháinig na foirne sinsir amach ar an bpáirc. Ba iad fir Bhaile Átha Cliath a bhí chun cinn tríd an gcluiche ar fad ach níor stop Tír Eoghain den ionsaí. Don cheathrú bliain as a chéile, beidh
Corn Sam Mhig Uidhir ag fanacht sa phríomhchathair. Bhí Jim Gavin agus a fhoireann rómhaith do Thír Eoghain agus rómhaith do na foirne eile ar fad a bhuail leo ar an mbóthar go Páirc an Chrócaigh i mbliana. An scór deiridh a bhí ann ná Baile Átha Cliath 2-17, Tír Eoghain Comhghairdeas leo! 1-14.
Bhí cúis mhór cheiliúrtha ag muintir Luimnigh i mbliana chomh maith. Bhí 45 bliain imithe ón uair dheireanach a bhuaigh
Luimneach Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann. Bhí an-éileamh ar na ticéid in iarthar na tíre toisc gurbh iad na Gaillimhigh a thug aghaidh ar Luimneach i gceanncheathrú an CLG i mBaile Átha Cliath.
Bhí an cluiche idir dhá cheann na meá don imirt ar fad. Nuair a séideadh an fheadóg dheiridh, áfach, Luimneach 3-16 , An
Ghaillimh 2-18 an scór a bhí ann. Ach, níor cheart do Ghaillimh a bheith ródhíomách mar is léir go bhfuil imreoirí óga iontacha ag teacht chun cinn i gContae na dTreabh. Bhí an bua ag Gaillimh ar Chill Chainnigh i gCraobh Mhionúr Iomána na hÉireann. Ní hamháin sin ach bhuaigh siad an corn anuraidh chomh maith. An scór deiridh a bhí ann ná Gaillimh
0-21, Cill Chainnigh 0-14. Comhghairdeas leo!