Irish Independent - Seachtain

An Luch Féir

-

Ag an am seo den bhliain éiríonn na laethanta níos fuaire. Bíonn an lá níos giorra agus bíonn sainchomha­rthaí an gheimhridh le feiceáil mórthimpea­ll orainn. Mar sin, bíonn ainmhithe an fhiadhúlra ag smaoineamh ar an aimsir atá amach rompu agus ag pleanáil agus ag ullmhú dá réir.

Bíonn na feirmeoirí gnóthach amuigh sna páirceanna san fhómhar agus iad ag obair leis an inneall bainte. Bíonn eorna, cruithneac­ht, coirce agus arbhar ag titim amach as trealamh bainte agus leantóirí na bhfeirmeoi­rí agus, mar sin, bíonn flúirse bia ag na hainmhithe. Ach is minic a thagann cuairteoir­í beaga isteach inár dtithe de dheasca na haimsire crua agus is fíorannamh a bhíonn fáilte rompu!

Ceann amháin de na hainmhithe a thagann ar cuairt chugainn gan chead ná an luch féir. Bíonn eireaball fada ar an luch féir agus cónaíonn sí sna páirceanna agus sna goirt agus fiú ar na hoileáin amach ón gcósta, ar nós na mBlascaoda­í.

Is féidir leis an luch féir aire mhaith a thabhairt di féin nuair atá sí ag cur fúithi i dteach in éineacht le daoine. Maireann sí ar bhia mar sheamair, caora, sméara, dearcáin agus síolta. Agus is breá léi spíonáin, sútha craobh agus bleibeanna bláthanna a ithe.

Nuair a bhíonn ál á bhreith ag an luch féir, déanann sí nead féir in áit éigin sa talamh nó i bpoll faoi thalamh. D’fhéadfadh sí suas le naoi luch óga a shaolú. Is í an oíche an tráth den lá is fearr leis an luch féir ach baineann contúirtí leis an istoí chead óireacht sin. Sin é an t-am a bhíonn naimhde na luiche amuigh ag fiach – an sionnach, an scréachóg reilige agus an ceann cait. Is iontach na sealgairí iad na hainmhithe sin agus gluaiseann siad go mear ciúin.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland