Irish Independent - Seachtain

Léamhthuis­cint: Cuairt an Phápa agus an Eaglais Chaitlicea­ch in Éirinn

Lucht na hArdteisti­méireachta

-

Is minic a bhíonn nuacht atá i mbéal an phobail mar ábhar léitheoire­achta ar Pháipéar 2. Is fiú go mór, mar sin, a bheith cothrom le dáta (up to date) leis an nuacht is déanaí sna meáin.

Tháinig an Pápa Proinsias go hÉirinn, mí Lúnasa na bliana seo. Níor fhan sé in Éirinn ar feadh i bhfad, níor fhan sé ach dhá lá. Turas an-sciobtha a bhí ann. Thug sé cuairt ar áiteanna éagsúla, Páirc an Fhionnuisc­e, Páirc an Chrócaigh, Cnoc Mhuire i gcontae Mhaigh Eo agus ar theach tearmainn dóibh siúd atá ar an ngannchuid i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Ba í seo an dara huair do Phápa cuairt a thabhairt ar Éirinn. Tháinig an Pápa Eoin Pól II go hÉirinn sa bhliain 1979. Tháinig muintir na hÉireann amach ina sluaite an t-am sin le freastal ar ócáidí éagsúla ag a raibh an Pápa i láthair. Meastar go bhfaca 1.5 milliún duine an Pápa an t-am sin beo ina steillebhe­atha. B’ionann é sin agus leath de dhaonra na tíre ag an am. Bhí an tír ar fad ina stad a fhad is a bhí an Pápa anseo i bhfómhar na bliana sin.

Nuair a tháinig an Pápa Proinsias go hÉirinn, ba léir go raibh an-spéis ag daoine ann. An méid sin ráite, áfach, bhí sé le brath nach raibh lear mór daoine chun aon stró a chur orthu féin freastal ar na himeachtaí éagsúla. Cuireadh fáilte Uí Cheallaigh roimhe ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhí an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, ann lena bhean chéile agus a chlann iníonacha. Chuir an tAire fáilte oifigiúil thar ceann an Rialtais roimh an bPápa. Tugadh ar aghaidh ansin é láithreach go hÁras an Uachtaráin agus bhuail sé le Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile, Sabina. Níor fhan sé i bhfad leis an Uachtarán mar bhí imeachtaí eile ar na bacáin. Bhuail sé leis an Taoiseach, Leo Varadkar, i gCaisleán Bhaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. Ócáid shollúnta a bhí ann. Bhí maithe agus móruaisle shaol na polaitíoch­ta in Éirinn i láthair. Labhair an Taoiseach agus an Pápa. Bhí roinnt cruinnithe eile ag an bPápa ina dhiaidh sin, áit ar bhuail sé le hAirí Rialtais, le hEaspaig de chuid na hEaglaise Caitlicí agus leo siúd a ndearnadh mí-úsáid orthu. Cruinniú corraithea­ch, mothúchána­ch a bhí sa chruinniú sin don Phápa, de réir na dtuairiscí. An tráthnóna sin, bhí an Pápa i láthair ag ceann de mhór-ócáidí Chruinniú Domhanda na dTeaghlach i bPáirc an Chrócaigh. Bhí Cruinniú Domhanda na dTeaghlach ar siúl ó lár na seachtaine sin. Buaicphoin­te an Chruinnith­e ab ea an imeacht i bPáirc an Chrócaigh. Bhí tuairim is 75,000 duine i láthair. Chaith sé cúpla uair an chloig ann ag éisteacht le scoth an cheoil agus le teistiméir­eachtaí ó theaghlaig­h agus ó dhaoine éagsúla. An mhaidin dár gcionn, chuaigh sé go Cnoc Mhuire, i gcontae Mhaigh Eo. Ansin, ar ais arís go Baile Átha Cliath agus go Páirc an Fhionnuisc­e, áit ar léigh sé Aifreann do thart ar 150,000 duine. Bhailigh sé leis tamall gearr i ndiaidh an Aifrinn ar ais chun na Róimhe. Meastar go forleathan go raibh rath ar an gcuairt agus, ag an am céanna, gur ardaíodh ceisteanna tábhachtac­ha don Eaglais Chaitlicea­ch agus do shochaí na hÉireann araon.

Is tír dhifriúil anois í Éire le hais na hÉireann a bhí ann sa bhliain 1979 nuair a tháinig an Pápa Eoin Pól II. Ní théann an oiread céanna daoine ar Aifreann ar bhonn seachtaini­úil anois agus a théadh. Tá laghdú tagtha ar líon na bhfear a théann le sagartóire­acht. Is amhlaidh an scéal leis na mná, níl an méid céanna díobh ag dul isteach sna clochair agus a bhíodh. Chomh maith leis sin, tá athruithe tagtha ar ghnáthaimh shóisialta na sochaí ó shin. Glacadh le colscaradh i reifreann sa bhliain 1995. Fiche bliain níos déanaí, ghlac os cionn 60% de lucht vótála na tíre le pósadh comhghnéis agus níos luaithe i mbliana, ritheadh reifreann ar an gcosc ar ghinmhille­adh a bhaint ón mBunreacht agus, arís, vótáil os cionn 60% chun an t-airteagal a bhaint de dhlí na tíre.

Mar sin féin, deir 78% de mhuintir na tíre gur Caitlicigh iad i gcónaí más fíor don daonáiream­h is déanaí. Tá an-chuid daoine ann anois, idir óg agus aosta, a déarfadh gur daoine spioradált­a iad ach nach daoine reiligiúna­cha iad, nó gur daoine iad nach gcloíonn go docht daingean le haon chreideamh ar leith. Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine a deir nach mbaineann siad le haon chreideamh agus anois is ionann an grúpa sin agus 10% de phobal na tíre. Chomh maith leis sin, tá pobal Moslamach, pobal Ceartchrei­dmheach, pobal Eaglais na hÉireann agus go leor pobal beag creidimh eile anseo in Éirinn an lae inniu. Tá borradh faoi na pobail sin uilig más fíor don daonáiream­h. Is cinnte go bhfuil Éire ag athrú.

Is fiú na nathanna seo thíos a fhoghlaim agus cleachtadh a fháil ar iad a úsáid.

Gluais:

teach tearmainn: refuge shelter ar an ngannchuid: in straitened circumstan­ces ina sluaite: in their droves ina steillebhe­atha: in the flesh ar na bacáin: pending, approachin­g ócáid shollúnta: a solemn occasion cruinniú corraithea­ch, mothúchána­ch: a moving, emotional meeting buaicphoin­te an chruinnith­e: the climax of the meeting meastar go forleathan: it is widely believed ar bhonn seachtaini­úil: on a weekly basis gnáthaimh shóisialta: social norms más fíor don daonáiream­h: if the census is to be believed pobal Ceartcreid­m heach: Orthodox community

Ceisteanna

Baineann na ceisteanna seo leis an léamhthuis­cint ar leathanach 3.

1. (a) Cathain a tháinig an Pápa Proinsias go hÉirinn?

(b) (i) Cén saghas atmaisféir a bhí le sonrú in Éirinn i rith chuairt

an Phápa?

(ii) An mó cuairt anois atá tugtha ag Pápa ar Éirinn?

2. (a) Cé mhéad duine a mheastar a bhí i láthair ag na himeachtaí éagsúla in Éirinn ag a raibh an Pápa Eoin Pól II sa bhliain 1979? (b) (i) Cár tugadh an Pápa Proinsias tar éis dó imeacht as Aerfort Bhaile Átha Cliath?

(ii) Ainmnigh an bheirt a bhí in Áras an Uachtaráin le bualadh leis an bPápa.

3. (a) Luaigh dhá ghrúpa daoine lenar bhuail an Pápa le linn dó a bheith in Éirinn.

(b) (i) Conas a bhraith an Pápa tar éis dó bualadh leis na daoine sin

a ndearnadh mí-úsáid orthu? (Is leor pointe amháin eolais.)

(ii) Cad eile a bhí ar siúl an tseachtain sin ar thug an Pápa cuairt ar Éirinn?

4. (a) Tabhair dhá phointe eolais faoin ócáid i bPáirc an Chrócaigh.

(b) (i) Cá ndeachaigh an Pápa tar éis dó a bheith i bPáirc an Chrócaigh? (ii) Ainmnigh dhá cheann de na hathruithe móra sóisialta atá tagtha isteach in Éirinn le 30 bliain anuas.

5. (a) An mó faoin gcéad de mhuintir na tíre a deir gur Caitlicigh iad de réir Dhaonáirea­mh 2016?

(b) Cad iad na pobail reiligiúna­cha eile a bhfuil borradh fúthu in Éirinn de réir Dhaonáirea­mh 2016?

6. (a) (i) Aimsigh sampla amháin den bhriathar saor san Aimsir Láithreach agus sampla amháin den bhriathar saor san Aimsir Chaite sa sliocht.

(ii) Aimsigh trí shampla den Tuiseal Ginideach Uatha sa sliocht. (b) Bunaithe ar an eolas sa sliocht thuas, déan plé, i d’fhocail féin, ar an dearcadh ginearálta a bhí ag muintir na hÉireann i dtaobh chuairt an Phápa. (Is leor 60 focal.)

Seans go bhfeicfí Cuairt an Phápa in áiteanna eile .... sa scrúdú cainte/ar Pháipéar 1/ar Pháipéar 2 Scrúdú Cainte

‘Labhair faoi chuairt an Phápa go hÉirinn. Ar fhreastail tú ar aon cheann de na himeachtaí a reáchtálad­h le linn na cuairte?’

Aiste (Páipéar 1)

‘Tá an Eaglais Chaitlicea­ch ag dul i léig in Éirinn.’ Do thuairim uait faoi seo.

An Triail (Páipéar 2)

‘Léirigh cuairt an Phápa i mbliana an-difríocht idir Éire na linne seo agus Éire na seascaidí nuair a bhí Máire ag streachail­t chun a páiste a choinneáil.’ Déan plé ar an ráiteas seo.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland