Irish Independent - Seachtain

NÁR CHEAP MUID AR FAD GO RAIBH MCGREGOR CRÍOCHNAIT­HE?

-

DEA-SHEACHTAIN: CONOR McGREGOR

Níl ach cúpla seachtain ó cheap an domhan go raibh McGregor críochnait­he. Bhuel, “críochnait­he” leis an gceathrú cuid de bhilliún euro ina chuntas bainc.

Le cúiseanna coiriúla ina leith agus seans mór nach dtabharfaí víosa oibre eile dó do Mheiriceá, tá sé ar ais, agus ag búiríl faoina fhuisce nua.

Mar a bheadh scigaithri­s ghreannmha­r de shocrúchán táirge i bhfógraíoc­ht, scread sé PROPER TWELVE WHISKEY ar a laghad fiche uair agus preasagall­amh ar siúl aige. Oibríonn fógraíocht, is cosúil.

Bhí ar Tesco teorainn a chur leis an méid buidéal is féidir a cheannacht in aghaidh an lae, le líon measartha de dhá bhuidéal.

Is féidir linn cúpla teoiric shuimiúil a tharraingt ón ráiteas sin: Tá tóir ar an bhfuisce seo. Is féidir le lucht leanúna Conor McGregor níos mó ná dhá bhuidéal fuisce (750ml) a ól i dtréimhse ceithre uair is fiche agus, is féidir le Conor McGregor rud ar bith a dhéanamh. Ag an bpointe seo sílim go bhféadfadh sé duine éigin a dhúnmharú go poiblí mar ócáid íoc ar amharc agus earraí bolscairea­chta a dhíol dó. Sin ráite, táim fiosrach blaiseadh a fáil den bhfuisce...

DROCHSHEAC­HTAIN: BAICLE GADAITHE

Tá sé sách náireach nuair nach n-éiríonn le plean, tá sé uafásach náireach nuair nach n-éiríonn leat do phlean a chur i bhfeidhm agus go dtugann fear neamh-armtha 86 bliain d’aois cic sa tóin duit agus tú ag iompar gránghunna le linn robála.

Scaip físeán le seachtain d’iarracht robála i siopa geallghlac­adóra i gContae Chorcaí agus den seanfhear cróga a throid in aghaidh triúr gadaithe. Anois, dar leis na Gardaí, tá ábhar faighte acu ar a mbeadh siad in ann anailís fhóiréinse­ach a dhéanamh. Samhlaigh. Dá mbeinnse sa gcás seo, thabharfai­nn mé féin is mo chomhpháir­tithe suas le géilleadh gan choinníoll fad is go bhfuair mé dearbhú nach n-ainmneofaí go poiblí muid riamh.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland