Anois, scoláirí ag teacht chun na Gaeltachta chun Béarla a fhoghlaim
Tugann Francaigh agus Spáinnigh droim láimhe don Bhreatain mar gheall ar theannas an Bhreatimeachta
D’fhéadfadh go bhfuil na mílte scoláire Spáinneach agus Francach chun teacht go dtí na Gaeltachtaí a bhuíochas leis an mBreatimeacht, a chruthódh borradh geilleagrach i rith an gheimhridh.
Tá scoileanna na mór-roinne ag tabhairt droim láimhe do laethanta saoire Béarla sa Bhreatain mar gheall ar tHEaNNaS an Bhreatimeachta.
Tá méadú ollmhór tagtha cheana féin ar líon na scoláirí – ón Spáinn agus ón bhFrainc go háirithe – atá ag teacht go hÉirinn in áit dul chun na Breataine, agus bhain Baile Átha Cliath, Corcaigh agus Béal Feirste tairbhe as an bhfás sin cheana féin.
Ach tá peileadóir mná clúiteach ar tí scoláirí Spáinneacha a thabhairt go Gaeltacht Thír Chonaill an bhliain seo chugainn – chun Béarla a fhoghlaim.
Agus deir Aoife McDonnell gur cheart do cheantair Ghaeltachta eile an rud céanna a dhéanamh.
D’aontaigh sí cheana féin scoláirí a thabhairt go Gaoth Dobhair ón mbliain seo chugainn ar aghaidh.
“Bhí go leor daoine a mbeadh aithne agam orthu agus comhlachtaí sa Spáinn i dteagmháil liom agus iad ag iarraidh turais a eagrú do scoláirí chun fanacht i dtithe agus Béarla a fhoghlaim. Théidís go Sasana cheana ach teastaíonn uathu a theacht go hÉirinn as seo amach,” a dúirt Aoife, múinteoir agus imreoir le foireann Dhún na nGall a bhuaigh Craobh Uladh in 2018.
“Bhí siad ag cuardach ceantair thuaithe freisin agus tháinig siad chugam agus caithfidh mé a admháil go raibh sé ag dul dian orm smaoineamh ar bhealach le glacadh leo ar fad.
“Ansin rith sé liom. Tá Mná Tí iontacha againn cheana féin sa Ghaeltacht. Tá siad i dtaithí ar aire a thabhairt do leanaí, tá Grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána déanta acu ar fad agus tá lóistín oiriúnach acu.
“Toisc go mbeidh mo chuid scoláirí Spáinneacha ag teacht san earrach agus san fhómhar, ní bheidh siad ag teacht salach ar scoláirí na gcoláistí samhraidh Gaeilge, mar sin bainfidh achan duine tairbhe
as,” arsa Aoife, a reáchtálann na turais trína suíomh atlanticwayexperience.com.
“Seo rud a d’fhéadfaí a dhéanamh i gceantair Ghaeltachta eile ar fud chósta an iarthair agus tairbhe gheilleagrach a chruthú do na ceantair sin freisin.”
Measann an Rialtas go
méadóidh líon na scoláirí iasachta tríú leibhéal go 44,000 faoi 2020 – méadú 10,000 in imeacht cúig bliana.
Meastar go bhfuil 120,000 scoláire Béarla anseo cheana féin.
Is fiú €2.1 Bn na scoláirí iasachta ar fad le chéile dár ngeilleagar gach bliain.