Irish Independent - Seachtain

DÁITHÍ Ó SÉ: NÍ GNÁTH-GHEANSAÍ MHAIGH EO É SEO // CHRIS GREENE: KANYE NÓ... YE?

-

LGH 2-3

DEA-SHEACHTAIN: ROTHAITHE

Ní dóigh liom go mbeidh an chéad

chogadh cathartha eile sa tír seo á throid faoi chúrsaí polaitíoch­ta, reiligiúin ná cearta daonna, ach faoi rothaithe.

Níl an leibhéal seo “díospóirea­chta” feicthe in aon ábhar riamh agam. Más rud é go bhfuil aon

bhailíocht ag gabháil le tuairimí fóraim idirlín, is iad seo torthaí mo thaighde: is fuath le gach aon tiománaí na rothaithe agus is fuath le gach uile rothaí na tiománaith­e.

D’fhógair an tAire Iompair Shane Ross an tseachtain seo go gcuirfear teicneolaí­ocht nua ag 40 acomhal tráchta i mBaile Átha Cliath a thabharfai­dh níos mó ama do rothaithe lena dtrasnú. Beidh braiteoir ann a dhéanfaidh anailís ar an líon rothaithe atá ag fanacht agus fanfaidh na soilse dearg níos faide, ar chostas ceithre chéad míle euro.

Dea-scéala do rothaithe gan amhras, ach anois beidh cúis eile le fuath na dtiománait­he orthu.

Dea-scéala dóite, measaim.

DROCHSHEAC­HTAIN: KANYE WEST

Táim ag glacadh leis go bhfuil sé seo ina jóc ag an bpointe seo, caithfidh sé a bheith. Cineál taibhealaí­n aisteach mar Andy Kaufman nó a leithéid. Ar an lámh eile, más mian leat a bheith conspóidea­ch, is dócha gurb é an bealach is fearr ná a bheith i measc lucht tacaíochta Trump. Bhí Kanye, nó “YE” má táimid ag úsáid a leasainm nua, ar Saturday Night Live an Satharn seo caite agus hata Trump á chaitheamh aige.

Bhí an t-uafás ann, mar is gnách agus ansin, an phoiblíoch­t ollmhór. Ardaíonn an ghrian agus téann sí faoi.

Tá sé cruthaithe­ach glacaim leis sin, ach cé chomh fada is féidir leat an bealach seo a úsáid chun míchlú a tharraingt ort féin sula bhfeicfear nach bhfuil baint agat le rud ar bith ach an míchlú céanna sin? B’fhéidir nach ndéanann sé difríocht. Fad is nach gcaitheann sé hata ag tacú le rothaithe beidh YE togha.

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland