Spás le Mícheál Ó Ruairc
(Scoileanna T2 - an dara agus an tríú bliain)
Achoimre
Is gearrscéal gonta, ach réalaíoch, é Spás a bhaineann le cailín óg, Pádraigín, agus í ag fulaingt le heaspa spáis ina saol. Tá saol Phádraigín bun os cionn ó tháinig Peadar, a deartháir óg, ar an saol trí mhí ó shin. Bhog a deirfiúr óg, Aoife, isteach sa seomra leapa le Pádraigín toisc nach raibh go leor seomraí sa bhaile agus, anois, braitheann Pádraigín nach bhfuil príobháideachas ná ciúnas aici chun a cuid staidéir a dhéanamh. Braitheann Pádraigín a spás uaithi go mór. Bhíodh sí in ann ceol a sheinm go déanach san oíche agus fanacht sa leaba ag an deireadh seachtaine ach anois is gá di cur suas le hAoife. Tá Pádraigín ag fulaingt ar scoil freisin. Bhog an múinteoir staire í toisc í a bheith ag stánadh amach an fhuinneog lá agus anois níl aon spás ar scoil aici ach an oiread.
Is léir go bhfuil a lán fadhbanna sa chaidreamh idir Pádraigín agus a tuismitheoirí chomh maith. Ní stadann siad de bheith ag tabhairt amach di faoi thábhacht an staidéir. Nuair a fuair siad amach go raibh sí ag scríobh litreacha chuig Diarmaid, buachaill ar chuir sí aithne air agus í ar saoire i dteach a mamó, chuir siad stop léi. Ní raibh cead aici litreacha a scríobh a thuilleadh. Tá Pádraigín i ndeireadh na feide leis na fadhbanna seo uile ach ansin go tobann, cuimhníonn sí ar a mamó. Réitíonn Pádraigín go hiontach léi. Beartaíonn sí scríobh chuici chun iarraidh uirthi saoire a chaitheamh léi. Bheadh spás ansin aici gan dabht agus bheadh sí in ann am a chaitheamh le Diarmaid arís. Cuireann sé sin áthas an domhain uirthi agus tá críoch shona leis an scéal. gonta – short ag fulaingt – suffering bun os cionn – upside down príobháideachas – privacy ag stánadh – staring tábhacht an staidéir – the importance of study críoch shona – happy ending
Léigh an scéal arís agus freagair na ceisteanna seo a leanas:
1. Cad a theastaíonn ó Phádraigín?
2. Cad a tharla trí mhí ó shin?
3. Cé a cuireadh isteach sa seomra le Pádraigín? Conas a mhothaigh Pádraigín faoin athrú seo?
4. Cad nach féidir le Pádraigín a dhéanamh anois ina seomra?
5. Cad a dhéanann Peadar gach oíche?
6. Cén fáth a bhfuil Pádraigín míshona ar scoil?
7. Cé hé Diarmaid?
8. Cad a cheapann tuismitheoirí Phádraigín faoi Dhiarmaid?
9. Cén duine a thuigeann Pádraigín?
10. Ag deireadh an scéil, cad a bheartaíonn Pádraigín a dhéanamh? Pointí tábhachtacha sa scéal seo:
• Feicimid gur cailín brónach í Pádraigín. Níl aon spás aici ina baile féin agus ní réitíonn sí lena teaghlach. Braitheann sí uaigneach agus scoite amach (sidelined). • Níl sí sona ar scoil ach an oiread. Ní chabhraíonn na múinteoirí léi. Cuireann siad an locht uirthi nach féidir léi díriú ar a hobair scoile.
• Tá díomá ar Phádraigín freisin nach féidir léi litreacha a scríobh chuig Diarmaid. Níl aon mhuinín ag a tuismitheoirí aisti (Her parents don’t trust her). Léiríonn sé seo go bhfuil caidreamh casta aici leo.
• Is léir go bhfuil caidreamh maith ag Pádraigín lena mamó agus go gceapann sí go dtiocfaidh sí i gcabhair uirthi.
• Tá saol an déagóra casta agus is cinnte go bhfuil Pádraigín faoi bhrú (under pressure) sa bhaile agus ar scoil. Sa tSraith Shóisearach nua, beidh an-bhéim go deo ar ghníomhaíochtaí cruthaitheacha a bhaineann leis an litríocht - bí ag cuimhneamh ar litreacha, dialanna, téacsteachtaireachtaí srl a scríobh ó charachtar go carachtar nó ar fhreagairtí pearsanta a thabhairt ar dhánta, scéalta agus mar sin de.
Litir shamplach ó Phádraigín chuig Diarmaid Gníomhaíochtaí
12 Bóthar na Trá, An Charraig Dhubh, Co. Bhaile Átha Cliath
20 Meán Fómhair 2018
A Dhiarmaid, a chara,
Bhuel, nach mé atá traochta! Bhí mé ag rith agus ag rás ó mhaidin. Bhí orm cabhrú le mo mham Aoife a réiteach don scoil. Ansin, ní stopfadh Peadar ag gol agus bhí orm buidéal a thabhairt dó. Ní bhfuair mé aon bhricfeasta agus bhí mé déanach don scoil … arís. Thug an príomhoide léasadh teanga dom san oifig, ag rá liom gur bliain thábhachtach í seo dom ar scoil. Tuigim go maith go bhfuil an tSraith Shóisearach idir lámha agam. In anam dílis Dé! Bhog an múinteoir staire arís inniu mé freisin toisc go raibh mé ag stánadh amach an fhuinneog, dar leis. Is fuath liom é. Ar deireadh, tar éis staidéir ar scoil, chuaigh mé abhaile agus thosaigh mo dhaid ag tabhairt amach dom arís nach raibh mé ag déanamh go leor staidéir. Táim réidh le ceangal. Bhí Aoife ag cur isteach orm agus mé ag iarraidh m’obair bhaile a chríochnú. Cad a dhéanfaidh mé? Níl cead agam an litir seo a scríobh ach an oiread ach is cuma liom. Níl aon duine chun mé a stopadh ag scríobh chugat, a Dhiarmaid, a chroí. Táim chun dul ar cuairt chuig Mamó ag an mbriseadh meántéarma. Chuir sí glaoch orm agus dúirt sí go mbeadh fáilte romham! Is fada liom é. Is fada liom dul go dtí an phictiúrlann leat agus píotsa a ithe sa bhialann ghleoite sin arís.
Ná cuir litir chugam ar eagla go bhfeicfidh mo thuismitheoirí é. Seol ríomhphost ar ais chugam. Le grá, Pádraigín
1. Samhlaigh gur máthair Phádraigín thú. Scríobh comhrá idir tú féin agus d’fhear céile faoi Phádraigín. Tá tú buartha go bhfuil sí ciúin agus nach bhfuil sí ag éisteacht ar scoil.
2. Lig ort gur mamó Phádraigín thú. Scríobh téacsteachtaireacht chuig Pádraigín chun cuireadh a thabhairt di teacht ar cuairt chugat.
3. Samhlaigh gur Diarmaid thú. Scríobh ríomhphost chuig Pádraigín.