Irish Independent - Seachtain

Eoghainín na nÉan le Pádraig Mac Piarais

(Scoileanna T1 - an chéad agus an dara bliain)

-

Achoimre

Is é Eoghainín príomhchar­achtar an ghearrscéi­l seo. Buachaill óg leochailea­ch is ea é atá ag fanacht ar theacht na bhfáinleog don samhradh in Éirinn. Tagann na fáinleoga ar ais bliain i ndiaidh bliana ‘ón áit ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí ann’ agus is dlúthchair­de iad Eoghainín agus na fáinleoga áille seo. Ag tús an ghearrscéi­l, tá Eoghainín ag faire amach go foighneach go dtiocfaidh na fáinleoga. Tá an-ghrá go deo aige dóibh agus bíonn sé uaigneach gan iad. Is léir go bhfuil máthair Eoghainín, Eibhlín, an-bhuartha go deo faoina mac. Feiceann sí é ina shuí go ciúin leis féin, gan aird ar bith aige ar fhuacht an lae ná ar imeachtaí an tsaoil. Is léir go bhfuil caidreamh an-láidir agus an-dlúth ag Eoghainín lena mháthair ó na comhráite a bhíonn acu agus labhraíonn siad go grámhar lena chéile. Fanann Eoghainín go foighneach ar na fáinleoga agus cé go mbíonn díomá air ag deireadh gach lae, léiríonn sé an dóchas ina chroí nuair a deir sé go ‘[m]b’fhéidir go dtiocfaidh siad amárach’.

Ar deireadh thiar thall, tar éis dó fanacht ar feadh roinnt laethanta, tagann na fáinleoga ar ais chuig Eoghainín agus bíonn ríméad air. Tugann sé póga dóibh agus cuimlíonn siad a gcuid sciathán lena leicne. Bíonn Eoghainín sona sásta a bheith ina dteannta arís. Bíonn faoiseamh ar Eibhlín freisin a mac álainn gleoite a fheiceáil chomh sásta sin tar éis dó a bheith buartha, brónach. Caitheann Eoghainín an samhradh ag éisteacht le scéalta áille na bhfáinleog agus insíonn sé iad dá mháthair agus don sagart paróiste. Ní chreideann siad go bhféadfadh na fáinleoga scéalta a insint don bhuachaill­ín óg agus bíonn siad buartha go bhfuil sé an-tinn go deo. Agus an fómhar ag teannadh leo, insíonn Eoghainín dá mháthair go mbeidh na fáinleoga ag imeacht go luath agus go bhfuil sé i gceist aige imeacht leo. Tuigeann máthair Eoghainín ansin go bhfuil an bás i ndán dá mac beag agus faigheann sé bás ina baclainn, na fáinleoga ag eitilt leo agus spiorad Eoghainín ina dteannta.

Is gá freagra sách fada a scríobh ar cheisteann­a den sórt seo:

1. Céard é príomhthéa­ma an scéil seo, dar leat?

2. Cén saghas carachtair é Eoghainín, an gceapann tú? 3. An dóigh leat gur máthair mhaith í Eibhlín? Cén fáth? 4. Céard í teachtaire­acht an ghearrscéi­l seo, an dóigh leat?

Scríobh dialann ó dhearcadh mháthair Eoghainín taréisabhá­is.

S Meán Fómhair A dhialann dhil,

Ní chreidim é. Táim croíbhrist­e gan aon agó! Tá mo mhac álainn fionn gleoite imithe ar shlí na fírinne. D’éag sé aréir agus é ag fanacht ar imeacht na bhfáinleog. Bhí sé ag breathnú orthu agus iad ag eitilt abhaile go dtí an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí. Dúirt sé liom cúpla babhta cheana gur mhaith leis imeacht leis na fáinleoga. Níor éist mé leis. Bhí mé buartha faoi gan dabht. Chonaic mé ag éirí níos laige é. Chonaic mé ag dul i léig é. D’éirigh sé lag an samhradh seo, é ina thost go minic, é ina shuí gan chúis. Bhíodh Eoghainín lán de cheol tráth dá raibh, é ag rith agus ag rás sna páirceanna agus ag spraoi leis na buachaillí eile ón scoil. Tá mo chroí briste. Níor cheart dó imeacht romham. Ba cheart go mbeinn imithe ar neamh roimhe. Níl a fhios agam cad a dhéanfaidh mé gan é. D’imigh m’fhear céile, Seán, ar neamh cúig bliana ó shin agus anois tá Eoghainín imithe freisin. Táim go mór faoi scamall an bhróin, ní fheadar an mbeidh mé in ann codladh a fháil anocht. Eibhlín.

Gníomhaíoc­htaí cruthaithe­acha

Beidh punann teanga le réiteach ag daltaí don tríú bliain. Beidh tasc measúnaith­e le déanamh bunaithe ar phíosaí cruthaithe­acha éagsúla sa phunann sin. Féach www.jct.ie.

• Scríobh litir ó Eoghainín chuig a mháthair agus é ar neamh. Cad atá ar bun anois aige thuas ansin? An bhfuil sé sa tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí ann, dar leis? Cé hiad na cairde atá aige thuas ann?

• Samhlaigh gur tusa an sagart paróiste. Scríobh an comhrá idir tú féin agus Eibhlín tar éis shochraid Eoghainín.

• Lig ort gur stiúrthóir scannánaío­chta thú agus tú ag cuimhneamh ar scannán a dhéanamh den scéal seo. Cad iad na cinntí a ghlacfá agus tú ag iarraidh é a chur ar an scáileán mór?

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland