Ceist shamplach: Cad é príomhthéama an dáin seo, dar leat?
Tá an t-uafás téamaí éagsúla le feiceáil sa dán seo ach is dóigh liom féin gurb é coimhlint príomhthéama an dáin seo. Sa fhreagra seo, déanfaidh mé mionphlé ar an bhforbairt a dhéanann an file ar an téama síos tríd an dán seo.
I dtosach báire, tuigeann an léitheoir ó theideal an dáin, Colscaradh, nach mbeidh ach droch-chríoch i ndán do na leannáin seo. Cruthaíonn an teideal gonta, borb sin teannas ón tús agus léiríonn sé gur coimhlint a bheidh mar chroílár an dáin seo seachas grá.
Sa chéad véarsa den dán seo, cuireann an file an fear i láthair an léitheora. Is fear traidisiúnta, seanfhaiseanta é a ‘shantaigh bean’ ach shantaigh sé bean a bhí sásta fanacht in áit dhúchais an fhir - ‘i nead a chine’ ag ‘tógáil clainne’. Is léir ón méid seo go bhfuil tuairimí láidre ag an bhfear maidir leis an méid atá uaidh agus an méid atá á lorg aige óna bhean. Agus na tuairimí láidre seo aige, is cosúil nach duine é an fear atá sásta teacht ar chomhréiteach.
Sa dara véarsa den dán, cuireann an file an bhean i láthair an léitheora. Is bean nua-aimseartha, neamhspleách, muiníneach í a ‘shantaigh fear’ ach shantaigh sí fear a bhí ar aon intinn léi. Tá sé soiléir gur bean í seo atá ag iarraidh a bheith ar aon chéim lena fear céile agus ‘taobh den bhríste’ a bheith aici. Níl sí ag iarraidh fanacht sa bhaile ag sclábhaíocht dá fear ná dá páistí agus níl sí sásta glacadh leis na seanchoinbhinsiúin a bhaineann leis an tsochaí phatrarcach. Tá sí ag iarraidh post dá cuid féin, airgead dá cuid féin agus cead a cos dá réir. Faoin am go sroicheann an léitheoir an dá líne dheireanacha den dán seo, tá sé ríshoiléir go raibh coimhlint idir an bheirt seo ar feadh an tsaoil phósta a chaith siad le chéile. Bhí mianta éagsúla acu, an fear ag iarraidh saol traidisiúnta teaghlaigh agus an bhean ag iarraidh saol nua-aimseartha cothrom. Léiríonn an Suibhneach go bhfuil an bheirt seo chomh fada buí óna chéile nach dteastaíonn uathu teacht ar chomhréiteach maidir leis na fadhbanna pearsanta seo atá acu. Níl ceachtar den bheirt sásta géilleadh dá chéile agus is í sin croílár na coimhlinte, dar liom. Is léir go raibh an bheirt seo dallta ag a mianta féin agus nárbh fhéidir leo an choimhlint a shárú ceal grá. Dá mbeadh an bheirt seo i ngrá lena chéile dáiríre, bheidís sásta teacht ar chomhréiteach chun an choimhlint a shárú ach feictear dom go raibh siad i ngrá le coincheap an phósta seachas lena chéile.
Is léir, mar sin, gurb í an choimhlint an téama is láidre sa dán seo agus go ndéanann an file an téama sin a fhorbairt diaidh ar ndiaidh trí na véarsaí uile.