Ceist shamplach: Déan cur síos cuimsitheach ar an dá íomhá shuntasacha atá sa dán Colscaradh.
Tá dhá íomhá shuntasacha le sonrú sa dán Colscaradh. Tá an dá íomhá shuntasacha seo i gcodarsnacht lena chéile sa dán seo de chuid Phádraig Mhic Shuibhne. Is cinnte go bhfuil dhá véarsa dhifriúla sa dán seo a sheasann in aice a chéile ach léirítear dhá íomhá iontu atá go hiomlán difriúil lena chéile.
Sa chéad véarsa, léirítear íomhá den fhear agus den saol atá uaidh. Is fear traidisiúnta, seanfhaiseanta é atá ag iarraidh saol deas, compordach, coinbhinsiúnach, traidisiúnta a bheith aige. Luaitear ‘nead a chine’ agus ‘leac a thine’. Baineann na híomhánna seo leis an saol tíriúil traidisiúnta. Is áit shocair shlán é an nead agus, sa chomhthéacs seo, ciallaíonn sé teach slán sábháilte. Is croí shaol an teaghlaigh í an tine agus, sa chás seo, baineann sí leis an saol traidisiúnta. Díríonn na híomhánna seo aire an léitheora ar an meon a bhí ag an bhfear, is é sin, caidreamh a bheith aige le bean atá sásta fanacht sa bhaile ag tabhairt aire dá pháistí fad agus atá sé féin amuigh ag obair agus ag saothrú airgid.
Sa dara véarsa tugtar íomha na mná agus an saghas saoil atá uaithi féin. Is bean nua-aimseartha, neamhspleách í atá ag iarraidh saol compordach ach tá sí ag iarraidh a bheith saor óna fear agus a mianta féin a chomhlíonadh chomh maith. Sa dara véarsa luaitear ‘taobh den bhríste’ agus is léir ón íomhá sin gur theastaigh cumhacht agus údarás ón mbean freisin. Theastaigh ‘leath den chíste’ uaithi agus theastaigh uaithi a bheith ar chomhchéim lena fear céile.
Tá an dá íomhá seo ag teacht salach ar a chéile go hiomlán agus tá siad go mór i gcodarsnacht lena chéile. Is trí na híomhánna seo a léiríonn an file dúinn gur eascair coimhlint idir an bheirt seo agus gur cuireadh deireadh tragóideach, brónach leis an gcaidreamh seo ar deireadh thiar thall.
Gluais:
mionphlé = detailed discussion na leannáin = the lovers i láthair an léitheora = in the reader’s presence ar aon intinn = in agreement/of the same mind na seanchoinbhinsiúin = the old/traditional conventions an tsochaí phatrarcach = the patriarchy cead a cos = freedom ar feadh an tsaoil phósta a chaith siad = for the duration of their married life chomh fada buí óna chéile = very far from each other dallta = blinded ceal grá = for want of love tíriúil = homely áit shochair shlán = a stable, safe place ag saothrú airgid = earning money a bheith ar chomhchéim = to be equal ag teacht salach ar a chéile = in conflict with each other