Irish Independent - Seachtain

Ní gnáth-gheansaí Mhaigh Eo é seo – seo an ceann a chuir an Pápa a ainm leis!

-

Is minic a deirim go n-imíonn an t-am ana-thapaidh le tamall anuas. Lá amháin bíonn tú ag fágaint Chorcaí don séasúr agus an chéad nóiméad eile tá tú ar an dtolg arís! Cé gur tolg nua atá ann agus go bhfuil ceithre mhí ann braitheann sé ar nós nach raibh ann ach deireadh seachtaine fada. Sea táimid ar ais ar an Today Show agus tá sé ana-dheas a bheith ar ais agus an méid thuas ráite. Taithníonn an chéad seachtain liom i gcónaí. Bíonn boladh na péinte timpeall na háite, díreach fé mar a bhíodh agus sinn ag dul thar n-ais ar scoil na blianta ó shin. Gach rud nua glan agus i gceann seachtaine beidh rudaí mar a bhí, bunoscionn! Thosnaigh an séasúr mar a chríochnai­gh an ceann deireanach, le haíonna móra agus gáire maith. Bhí ceann dos na haíonna ana-speisialta – geansaí Mhaigh Eo! Sea ní gnáth-gheansaí é seo, seo an ceann a chuir an Pápa a ainm leis. Is cuimhin liom a bheith ag féachaint ar an dteilifís agus an Pápa ag fágaint slán le Maigh Eo agus an chéad rud eile tháinig an geansaí seo amach fés na scáthanna fearthainn­e agus níor dhiúltaigh an fear mór a ainm a chur leis. Thógas féinín leis, chuir Maura an geansaí uirthi. Ní raibh sé de dhánaíocht agam é sin a dhéanamh! Háhá. Caithfidh mé a rá ach go raibh rud éigin speisialta mar gheall air. Déarfaidh muintir Mhaigh Eo leat go bhfuil rud éigin speisialta fé gach geansaí Mhaigh Eo agus seans go bhfuil an ceart acu. Audrey Elliott an bhean a fuair an síniú agus a thug an geansaí chugainn. Bean ná raibh aon leisce uirthi dul céim níos faide. Cheistíos í mar gheall ar Mhaigh Eo agus an mhallacht seo atá ann ó 1951 agus an bhfuil sé sin imithe tar éis seo agus is dóigh léi go bhfuil! Bhíomar ag gáire fé seo chun an fhírinne a rá, ach ar an dtaobh eile má chreideann tú i mallachtaí chreidfeá go mbeadh an chumhacht ag an bPápa an mhallacht a ghlanadh! Agus anois le James Horan thar n-ais beidh le feiscint. Bím ag scríobh fé mheáchan a chailliúin­t sa samhradh agus as seo amach beidh orm an bia a fhaire. Bíonn sé ró-éasca an obair chrua a chaitheamh ar leataobh. Bím ceithre uair an chloig sa charr gach lá agus tá sé deacair a bheith go maith i gcónaí agus seo an chuid is measa fé bheith ag obair chomh fada ó bhaile!

 ?? PIC: CATE MCCURRY/ PA WIRE ?? Deireadh na mallachta: Audrey leis an ngeansaí a shínigh an Pápa
PIC: CATE MCCURRY/ PA WIRE Deireadh na mallachta: Audrey leis an ngeansaí a shínigh an Pápa
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland