Seiceálacha nua déine ag teastáil ar fheithiclí iompórtáilte
Caithfidh an Rialtas seiceálacha nua déine a thabhairt isteach d’fheithiclí mar gheall ar chaimiléireacht ollmhór a d’fhéadfadh timpistí marfacha a chruthú, dar le Gardaí agus feachtasóirí ar son na sábháilteachta ar bhóithre.
Tá tobchliseadh an steirling – agus ardú an euro – ag cruthú méadú ollmhór ar líon na gcarranna athláimhe atá á n-iompórtáil ón Tuaisceart agus ón mBreatain.
Iompórtáladh níos mó ná 90,000 carr isteach sa Stát anuraidh, méadú 30% ar arú anuraidh.
Agus léirigh seiceálacha go bhféadfadh go raibh an clog athshocraithe i gceann as gach cúig charr a tugadh isteach ón Ríocht Aontaithe, chun an míleáiste a athrú agus praghas níos airde a ghearradh ar an gcarr.
Agus deir an lucht feachtasaíochta go bhfuil go leor de na feithiclí sin níos contúirtí anois, mar nach dtuigeann na húinéirí nua go bhfuil a gcarr ‘nua’ chomh caite sin.
Níl an míleáiste a athrú ar charr mídhleathach anseo ach ó 2014, agus cúitíodh na scórtha daoine sna cúirteanna ó shin.
Mhaígh AA Ireland go bhfuil an cleachtas – a tharlaíonn i gcás ceann as gach deich gcarr athláimhe Éireannacha ceaptar – ‘an-tromchúiseach’ anois i dtionscal na gcarranna.
“Caithfidh aon duine atá ag ceannach carr athláimhe foghlaim faoin bhfadhb seo agus dul i ngleic leis,” a dúirt urlabhraí.
Tá seiceálacha simplí ar líne, nach gcosnaíonn ach €15 i roinnt cásanna, ar fáil a léiríonn an míleáiste a taifeadadh ag seiceálacha MoT sa Ríocht Aontaithe nó ag seiceálacha NCT anseo sa Phoblacht.
COMHALTAÍ
Creideann Gardaí sinsearacha gur cheart go mbeadh na seiceálacha sin éigeantach, is é sin go mbeadh iallach ar an gceannaitheoir an tseiceáil a dhéanamh sula gceannófaí an carr.
Tá comhaltaí foirne sinsearacha san Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag iarraidh scéim éigeantach de chineál éigin freisin, a choiscfeadh carranna a ndearna damáiste dóibh nó a scriosadh á ndíol arís.
“Is fadhb ollmhór é seo anois agus táimid ag breathnú ar bhealaí le tiománaithe a chosaint ó charranna a d’fhéadfadh a bheith an-lochtach a cheannach,” a dúirt oifigeach sinsearach amháin sa Chór Tráchta.
“Faoi láthair is faoin gceannaitheoir é an carr a sheiceáil agus ní bhacann formhór na gceannaitheoirí leis faraor. Tá an tír á líonadh le carranna ar dhroch-chaighdeán as an Ríocht Aontaithe.”
Díoladh feithiclí eile anseo a raibh iasachtaí fós le glanadh orthu sa Ríocht Aontaithe. Is féidir seiceáil ar an stair iomlán a fháil ó motorcheck.ie i measc cuideachtaí príobháideacha eile.
“Bheadh iontas ort faoin líon mór carranna a tugadh isteach anseo ón Ríocht Aontaithe ar athraíodh an clog iontu, a goideadh nó a dhíscríobh a gcomhlacht árachais,” a dúirt urlabhraí.
“Má tá tú ag díol ón mBreatain agus go bhfuil a fhios agat go bhfuil drochstair ag an bhfeithicil, tá tú ag glacadh leis nach mbacfaidh ceannaitheoir anseo lena sheiceáil.
“Is féidir é a sheiceáil, sin an tseirbhís a chuirimidne ar fáil. Ach ní chuimhníonn gach duine ar an tseiceáil a dhéanamh faraor.”