Athchúrsáil le hAilbhe Ní Ghearbhuigh
(Scoileanna T1 & T2 - an chéad bhliain)
Rugadh Ailbhe Ní Ghearbhuigh i gContae Chiarraí sa bhliain 1984. Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is léachtóir le Gaeilge anois í i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Tá a cuid filíochta léite aici i bPáras, i Nua-Eabhrac, i Montréal agus ar an mBuailtín i gCiarraí. Ag siúl dom lá stopas go pointeáilte ag ionad athchúrsála
m’éadaí bhaineas díom is do chaith san árthach iad
mo chraiceann, scaoileas díom, sraith bhán, gan úsáide,
mo chnámha, do bhriseas ina mionphíosaí d’fhonn a mbrú tríd an bpoillín
mo chuid orgán - croí san áireamh dhein díobh brúitín blasta
Ní ar son caomhnú, an dtuigeann tú ach ath-mhúnlú go ndéanfar díom bábóg shimplí go snasta. Saibhreas teanga Canúint: Modh cainte a bhaineann le háit/ceantar ar leith. Tá canúintí éagsúla sa Ghaeilge – tá difríochtaí le cloisteáil sa Ghaeilge a bhíonn á labhairt i gcúigí éagsúla agus i gceantair éagsúla.
Scríobhann Ailbhe Ní Ghearbhuigh le blas de chanúint na Mumhan ar a cuid filíochta, rud a dhéanann an guth sa dán an-phearsanta agus an caidreamh idir an léitheoir agus an file an-dlúth.
Stopas = stop mé
Bhaineas díom = bhain mé díom
Do chaith [mé] = chaith mé
Scaoileas díom = scaoil mé díom
Do bhriseas = bhris mé
Dhein = rinne Foclóir
• go pointeáilte - directly
• ionad athchúrsála – recycling centre
• árthach – vessel
• mionphíosaí – tiny pieces
• brúitín – pulp
• ath-mhúnlú – remodel
• go snasta – classily Príomhphointí an dáin
• Is léir go bhfuil an file an-mhíshona sa dán seo. Níl sí sásta leis an gcuma atá uirthi.
• Tá sí ag siúl léi agus feiceann sí ionad athchúrsála.
• Beartaíonn sí stopadh ann.
• Cuireann an chuma atá uirthi déistin uirthi; mar sin, beartaíonn sí í féin a athchúrsáil ar nós píosa bruscair. Tá sí ag iarraidh a bheith go hálainn cosúil le gach duine eile. Tá an-bhrú uirthi, is léir.
• Ní maith léi a héadaí; mar sin, baineann sí a cuid éadaí di agus cuireann sí isteach sa bhosca athchúrsála iad.
• Ní thaitníonn a craiceann léi; mar sin, baineann sí di é agus caitheann sí isteach sa bhosca athchúrsála é leis na héadaí.
• Briseann sí a cuid cnámh ionas gur féidir léi iad a bhrú isteach sa bhosca freisin.
• Déanann sí a cuid orgán agus a croí a bhriseadh síos ionas gur féidir léi iad a shá isteach.
• Ar deireadh, níl an file ann níos mó agus tuigimid go dteastaíonn uaithi athrú go mór. Ba mhaith léi a bheith iomlán difriúil. Ba mhian léi a bheith ina bábóg fhoirfe cosúil leis na mainicíní agus aisteoirí áille nach bhfuil locht ná smál orthu.
• Is cailín atá ar thóir foirfeachta agus áilleachta atá ag labhairt sa dán seo. Is mór an trua é go gceapann sí go gcaithfidh sí í féin a scriosadh chun teacht ar fhoirfeacht.
• Is áilleacht éadomhain atá á lorg ag an gcailín seo. Tá sí ag lorg áilleacht fisiciúil, níl sí sa tóir ar áilleacht nádúrtha.