Irish Independent - Seachtain

Obair chruthaith­each

-

Luamar an tseachtain seo caite go mb’fhéidir go mbeadh ceist chruthaith­each ar an bpáipéar scrúdaithe nua, bunaithe ar dhán a léigh sibh. Seo sampla de ríomhphost a shamhlaigh Éabha tar éis di Athchúrsái­l a léamh.

Do: ailbhenígh­earbhuigh@filíocht.ie Ó: éabhanídhú­ill@scoil.ie Ábhar: Athchúrsái­l

Dáta: 10 Deireadh Fómhair 2018

A Ailbhe, a chara,

An tseachtain seo caite, léigh mé do dhán Athchúrsái­l sa rang Gaeilge agus thaitin sé go mór liom. Caithfidh mé a rá gur mhúscáil an dán a lán smaointe agus mothúchán ionam. Ní féidir liom dearmad a dhéanamh air. Is cailín óg mé freisin agus bím ag iarraidh a bheith foirfe cosúil leis na mná áille ar Instagram nó na daoine a scríobhann blaganna ar líne. Tá a fhios agam gur mainicíní a bhfórmhór díobh agus gur post atá ann dóibh a bheith álainn agus dathúil ach, fós féin, braithim an-bhrú go deo a bheith cosúil leo. Uaireanta, teastaíonn uaim dath mo chuid gruaige a athrú nó smideadh a chaitheamh agus mé ag imirt peile le mo chairde. Tar éis dom an dán a léamh sa rang áfach, thuig mé Agus an fhilíocht á plé agat, b’fhéidir go mbeadh na nathanna seo a leanas an-úsáideach.

Is maith liom an dán seo mar ...

Ní maith liom an dán seo mar ...

Is breá liom an dán seo mar ...

Thaitin an dán seo liom mar ...

Níor thaitin an dán seo liom ar chor ar bith mar ...

Is aoibhinn liom an dán iontach seo mar ...

Ceapaim go bhfuil an dán seo thar cionn/thar barr/ar fheabhas/go hiontach mar ... Taitníonn an dán seo liom mar go bhfuil íomhánna deasa, beomhara ann. Taitníonn an dán seo liom toisc nach bhfuil sé róchasta. Chum__________________ an dán seo.

Is é príomhthéa­ma an dáin seo ná grá/grá teaghlaigh/an nádúr/áilleacht an nádúir. Tá teachtaire­acht an-deas ar fad le feiceáil sa dán seo.

Is breá liom téama an dáin seo. An téama atá ann ná ______________. Cabhraíonn an friotal (language)/na híomhánna/an córas ríme liom pictiúir a dhéanamh i m’intinn.

Is breá liom struchtúr an dáin seo. Cabhraíonn sé liom an dán a thuiscint ar bhealach níos fearr.

Tá atmaisféar álainn cruthaithe ag an bhfile sa dán seo.

Úsáideann an file abairtí beaga, gonta agus friotal deas, intuigthe chun an teachtaire­acht a chur in iúl.

Is dán deas, suaimhneac­h é an dán seo.

Tá mothúcháin láidre le feiceáil tríd síos an dán seo. Mar shampla, feicimid _______________.

Níl an dán rófhada./Tá an dán deas gearr.

Is dán dúshlánach (challengin­g) é seo./Tá sé éasca an dán a thuiscint./

Níl an dán róchasta. go mothaíonn mo chairde ar fad mar an gcéanna agus gur seafóid atá sna smaointe sin! Táimid ar fad ag fulaingt leis an mbrú céanna. Theastaigh uaim an ríomhphost seo a scríobh agus a sheoladh chugat le rá leat go bhfuil tú go hálainn mar atá tú. Ceapaim gur duine den scoth thú - tá an oiread sin bainte amach agat. Táimid ar fad sa bhád céanna - ná ceap gur tú an t-aon chailín a bhraithean­n an brú seo. Go raibh míle maith agat as an dán tábhachtac­h seo a chumadh. Ceapaim go dtabharfai­dh an dán seo a lán misnigh do chailíní mar mise.

Do chara,

Éabha

Gníomhaíoc­htaí

1. Lig ort gur láithreoir ar an gclár Léirmheas Leabhar ar TG4 thú. Cuir

agallamh ar an bhfile, Ailbhe Ní Ghearbhuig­h, agus cuir ceisteanna uirthi faoin dán Athchúrsái­l.

2. Cuir freagairt phearsanta le chéile ar an dán seo. Cén chaoi a ndeachaigh an dán seo i bhfeidhm ort?

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland