Litríocht faoi sholas: An Gnáthrud le Deirdre Ní Ghrianna
‘Ní gnáthdhuine é Jimmy sa ghearrscéal An Gnáthrud ach a mhalairt.’ Do thuairim uait faoin ráiteas sin.
Freagra samplach
Is gearrscéal nua-aimseartha, cumhachtach é An Gnáthrud faoi fhear óg soineanta, Jimmy, agus é amuigh ar ghnáthoíche Aoine lena chairde. Tá gach cuma ar an scéal gur gnáthfhear é Jimmy, é pósta le triúr páistí. Is tógálaí díograiseach é, tá teach simplí compordach aige agus is breá leis deasghnáth na hAoine, is ea é sin, bia Síneach a ithe os comhair na teilifíse lena bhean chéile, Sarah. Is duine simplí é, ní theastaíonn mórán uaidh agus tá sé sásta lena theaghlach beag óg agus lena theach deas compordach.
An méid sin ráite áfach, ní gnáthscéal é seo. Íoróin an ghearrscéil is ea nach gnáthdhuine é Jimmy ach a mhalairt. Is duine eisceachtúil é Jimmy, dáiríre. Ní fear mór óil é murab ionann agus na fir eile a oibríonn leis ar an láithréan tógála. Ní chaitheann sé mórán ama sa bheár ar chor ar bith. Braitheann sé ciontach agus é sa bheár a fhad is atá Sarah sa bhaile ag iarraidh na páistí a chur ina luí. Tá sé fial, flaithiúil lena chuid airgid. Ceannaíonn sé babhta costasach deochanna dá chomhghleacaithe. ‘Ceann beag’ a iarrann Billy air a ordú dó. Is costasaí an fuisce ná an pionta Guinness ach ordaíonn Jimmy é pé scéal é. Tugann sé ‘traidhfil airgead rua agus boinn chúig bpingine’ don ghrúpa stócach óg atá sa bhialann Shíneach cé gur beag an meas atá aige orthu ná acu air. Ó thús an ghearrscéil seo, déantar léiriú an-idéalach ar Jimmy féin agus ar a theaghlach. Braithimid gur duine neamhghnách é Jimmy sa tslí is go bhfuil an-luach aige ar a theaghlach beag álainn féin, rud nach bhfuil fíor i gcás a charad, Billy.
Is meisceoir é Billy. Is duine é atá faillitheach ina chuid oibre. Caitheann sé a chuid ama sa bheár seachas sa bhaile lena theaghlach féin. Tugtar le fios chomh maith go bhfuil sé faillitheach maidir le cúraimí clainne. Is duine é nach bhféadfá brath air, murab ionann agus Jimmy. Is duine dílis é Jimmy. Cabhraíonn sé le Billy, a chomhghleacaí, nuair a bhíonn sé i dtrioblóid leis an gaffer ag an obair. Caitheann sé go fíordheas le Sarah. Ag cuimhneamh ar a bhean chéile agus ar a chlann a bhíonn sé i gcónaí. Níl marach (shortcoming) ar bith air, de réir cosúlachta. D’fhéadfá a rá go mb’fhéidir go bhfuil sé seo ábhairín ró-idéalach mar léiriú agus nach bhfuil sé ag teacht le réaltacht an tsaoil. Tá an saol ar fad mórthimpeall air ag titim as a chéile, Béal Feirste agus Tuaisceart Éireann i gcoitinne le linn na dTrioblóidí, ach léirítear Jimmy mar charachtar gan cháim, gan smál sa ghearrscéal seo. Is cinnte nach bhfuil Jimmy cosúil le Billy ná na fir eile a oibríonn ina theannta ar an suíomh tógála.
Caitheann Jimmy go fíordheas agus go fíoruasal le Liz, an bhean a oibríonn sa bhialann Shíneach. D’éirigh sí torrach agus í sé bliana déag d’aois agus d’fhág athair an pháiste í. Níor inis sí é sin do mhórán daoine ach tá muinín aici as Jimmy agus mar sin d’inis sí a scéal dó. Mar ba dhual dó, choinnigh sé scéal Liz ina rún daingean eatarthu. Feictear foirfeacht agus uaisleacht Jimmy agus a theaghlaigh arís sa chuid seo den scéal agus é sin ar fad i gcodarsnacht le teaghlach briste Liz. Is léir nach bhfuil Liz compordach ag caint faoina cás ach amháin le Jimmy, rud a léiríonn arís dúinn gur duine neamhghnách é. Ní gnách do Liz labhairt faoina páiste le daoine eile ach tá muinín aici as Jimmy - is duine é a éisteann léi agus a thugann tacaíocht di.
Tá Jimmy soineanta, saonta mar charachtar. Murab ionann agus na carachtair eile sa scéal, ní duine seiftiúil é Jimmy. Tá sé ionraic agus macánta. Arís agus arís eile, cuirtear foirfeacht Jimmy mar charachtar os ár gcomhair. B’fhéidir gurb í sin an chúis a maraítear é sa deireadh. Ba ghá duit a bheith seiftiúil i mBéal Feirste le linn na dTrioblóidí. Níorbh fholáir duit a bheith ag tochras ar do cheirtlín féin chun go dtiocfá slán. Ní carachtar den saghas sin é. Is duine neamhghnách é óir tá sé soineanta i saol atá an-dainséarach. Éiríonn le Jimmy agus Sarah teach a fháil ón Housing Executive ar cheithre mhíle punt. Ní mór do dhuine cúlra an Tuaiscirt a bheith acu chun an chuid seo den scéal a thuiscint i gceart. Ceileadh na deiseanna sin ar thithíocht shóisialta ar Chaitlicigh an Tuaiscirt ar feadh na mblianta. Tá an chuma ar an scéal go bhfuil Jimmy róshoineanta i dtaobh na gcúrsaí seo. Ní thuigeann sé go gcuirfeadh sé as go mór do dhaoine eile gur éirigh leis teach a fháil agus gur fágadh iad sin in áit na leathphingine. Ní chuimhneodh sé ar a leithéid. A chuid soineantachta a threascair é sa deireadh. Sin an t-aon locht, más locht é, atá air mar charachtar.
Carachtar fíorspéisiúil atá in Jimmy agus is cinnte gur carachtar é a mbeimis báúil leis. Duine gan locht atá ann de réir gach cosúlachta ach ní gnáthfhear é. Cé go bhfuil gach cuma ar an scéal gur gnáthdhuine é agus gur gnáthoíche Aoine atá faoi chaibidil sa scéal seo, níl amhras ar bith ann ach gur duine eisceachtúil é a sheasann amach in am agus in áit a bhí i bhfad ón ngnáthrud.
Is fiú an stór focal sa Ghluais seo thíos a fhoghlaim agus dul i dtaithí ar iad a úsáid:
Gluais
díograiseach: diligent deasghnáth: ritual íoróin: irony murab ionann: unlike babhta costasach deochanna: an expensive round of drinks grúpa stócach: a group of boys an-ídéalach: very idealistic faillitheach: negligent réaltacht an tsaoil: the reality of life mar ba dhual dó: as was his wont saonta: innocent seiftiúil: crafty ag tochras ar do cheirtlín féin: looking after number one ceileadh: denied in áit na leathphingine: in the ha’penny place treascair: to vanquish or defeat faoi chaibidil: being discussed