Ceacht Gramadaí
An Aidiacht Shealbhach leis na réamhfhocail.
Is minic deacrachtaí a bheith ag daltaí ag cur na réamhfhocal le, do, de, i, faoi, ó agus trí leis an aidiacht shealbhach.
Tagann an ghné seo den ghramadach aníos i ngach cuid de labhairt agus de scríobh na Gaeilge. Ní mór tuiscint mhaith a bheith agat uirthi. Seo iad na rialacha a bhaineann leis an aidiacht shealbhach agus le/do le focail a thosaíonn ar chonsan nó ar ghuta:
Ceartaigh na botúin sna habairtí seo a leanas:
1. Tá Síle ina cónaí le (a col ceathrair).
2. Caithfidh tú é sin a thabhairt do (do cara).
3. Gheall sibh do (bhur máithreacha) go rachadh sibh abhaile ag meánoíche.
4. Lig Seán do (a mac) dul go dtí an phictiúrlann.
5. Lig Siobhán do (a mac) dul go dtí an linn snámha leis féin.
Beidh freagraí na gceisteanna thuas sa chéad eagrán eile de Réidh le Plé.
Freagraí ón tseachtain seo caite:
1. D’fhág Síle a cóta sa bhialann aréir.
2. Bhí m’uncail agus d’aintín ag labhairt lena chéile aréir.
3. Tá brón ar Shíle mar go bhfuil a hathair imithe ar shlí na fírinne.
4. Ní dhearna Seán agus Síle a n-obair bhaile i gceart.
5. Tháinig ár gcara ar cuairt aréir agus bhí an-spraoi againn.
6. Bhí mé ag labhairt le mo dheartháir seachtain ó shin.