Irish Independent - Seachtain

Ag taisteal go dtí an Ghaillimh ó mheán lae ar an Aoine? Bheadh sé níos deise é a shiúl!

- DÁITHÍ ÓSÉ

Is cuimhin liom roinnt blianta ó shin nuair nach raibh an mótarbheal­ach ann idir Baile Átha Cliath agus an Ghaillimh. Is cuimhin liom chomh maith na bailte beaga ar fad a bhíodh ann le tiomáint tríd, bhí briseadh croí i gceist chun an fhírinne a rá.

Tuairim is trí uair go leith a bhí sa turas nuair a bhí rudaí ag dul go maith. Dá bhrí seo ar fad bhíodh an traein á tógaint ana-mhinic agam, ní raibh sa turas sin ach 2 uair agus 45 nóiméad agus am le scíth a ligint chomh maith.

Dá mbeifeá ag taisteal go dtí an Ghaillimh ó mheán lae ar an Aoine bheadh sé níos deise é a shiúl, le daoine agus grúpaí áirithe ag ól agus ag

béiceadh agus iad ar ‘stag’ nó cúis éigin mar sin agus an Ghaillimh mar sprioc acu. An deireadh seachtaine ag tosnú i Stáisiún Heuston.

Is minic mise ar thuras mar seo, ach ní raibh sé mar dhrochnós ná mar dhrochmhea­s an sórt seo a dhéanamh. Bhíomar ar fad in ann deochanna a ól agus craic mhaith a bheith againn agus leanúint mar seo go maidin Dé Luain.

Is cuimhin liom grúpa amháin blianta ó shin agus bhí ochtar nó naonúr agus leac cannaí beorach idir na boird acu agus an carráiste ar fad scanraithe aon rud a rá leo.

Bhí bean aosta in aici liom agus dúirt sí go raibh sí sásta go mbeinn léi go

ceann scríbe. Tháinig fear na dticéad agus ní dúirt sé aon rud leo. Dúradh leis iad a chiúnú agus bhí an fear bocht fhéin scanraithe chomh maith!

N’fheadar canathaobh nár ghlaoigh sé ar na Gardaí agus iad a chaitheamh amach leathshlí idir an dá áit!

Pé scéal é an chúis go dtáinig sé seo ar fad ar ais chugam an tseachtain seo ná gur tháinig an scéal amach go mbeadh cosc ar alcól ar thraenacha a bheidh ag fágaint Bhaile Átha Cliath agus ag dul go Gaillimh agus Cathair na Mart gach Aoine ag tosnú an tseachtain seo dá bharr seo ar fad.

Is iontach an scéal é seo ar shlí amháin ach ar an dtaobh eile cad fés na daoine atá in ann deoch a ól agus sásamh a bhaint as agus ní chuireann siad isteach ar éinne.

Siad na daoine sin atá thíos leis seo ar fad. Ceapaim go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh cosc ar iompar frithshóis­ialta!

Is cosúil go bhfuil ardú 43% tagtha air seo le dhá bhliain anuas ar thraenacha. Is minic a chuimhním dá dtarlódh sé seo in aon tír eile chaithfí amach iad agus ní tharlódh sé in athuair.

Caithfimid éirí níos crua ar rudaí mar seo nó titfidh an tsochaí as a chéile ar fad!

 ??  ?? Stáisiún Heuston: Anseo a thosaíonn an deireadh seachtaine le haghaidh na ngrúpaí áirithe seo
Stáisiún Heuston: Anseo a thosaíonn an deireadh seachtaine le haghaidh na ngrúpaí áirithe seo
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland