Rabhadh faoi ‘ionsaí ollmhór’ chun próiseas síochána a chur ó mhaith
Imní go bhféadfadh teorainn chrua an Bhreatimeachta foréigean a chothú arís
Tá sceimhlitheoirí easaontacha ag beartú ionsaí ollmhór Breatimeachta a mbeidh d’aidhm aige an próiseas síochána a chur ó mhaith, a dúirt seirbhísí faisnéise mar rabhadh.
Dearbhaíonn an rabhadh an imní a léirigh an Taoiseach Leo Varadkar an tseachtain seo caite.
Chuir Aontachtaithe i leith an Taoisigh go raibh sé ag déanamh scéal chailleach an uafáis den chás i rith idirbheartaíocht an Bhreatimeachta sa Bhruiséil. Cháin daoine muinteartha iad siúd a mharaigh an IRA i rith na dTrioblóidí an Taoiseach Varadkar freisin.
Ach dhearbhaigh foinsí slándála ar dhá thaobh na Teorann le Seachtain go spreagfaí feachtas nua sceimhlitheoireachta i measc poblachtaigh easaontacha dá n-eascródh Breatimeacht crua as easpa comhaontaithe idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach.
Tá fíor-imní ann go bhféadfadh na heasaontaigh tacaíocht a fháil i measc pobail náisiúnacha, go háirithe i gceantair na teorann, má fhilltear ar an teorainn chrua bealach ar bith.
Measann Brainse Speisialta an PSNI
agus Brainse Speisialta an Gharda Síochána go bhfuil thart ar 80 ball gníomhach san IRA Nua anois, le tacaíocht in Ard Mhacha, Baile Átha Cliath, Béal Feirste, Dún na n Gall, Lú agus Tír Eoghain.
Tuigimid go bhfuil an leibhéal bagartha ón ngrúpa ag ‘dian’.
Cuireadh líon mór ionsaithe beartaithe de dhroim seoil le dhá bhliain anuas le cúnamh MI5, seirbhís faisnéise na Breataine.
“Tá ceannairí an IRA Nua ag súil le Dia go dtitfidh idirbheartaíocht an Bhreatimeachta as a chéile agus go bhfilltear ar an teorainn chrua,” a dúirt iar-oifigeach faisnéise amháin ón m Breatain a shíothlaigh isteach i ngrúpaí poblachtacha i rith na d Trioblóidí.
“Bheadh sé sin thar cionn dóibh. D’oir vóta an Bhreatimeachta dá gcúis – d’oirfeadh teorainn chrua le bonneagar ar bith níos fearr fós dóibh.
“Bhí na Sealadaigh (Sinn Féin) in ann an próiseas síochána a dhíol mar gur tharraing trúpaí na Breataine amach as na sráideanna agus gur osclaíodh na bóithre teorann ar fad arís, agus is cinnte gur comhaontaíodh pobail mar gheall ar an tsaorghluaiseacht trasna na teorann, fiú murar athraigh an cheannasaíocht stáit.
“Tá cairde liom sna gníomhaireachtaí faisnéise in Éirinn agus sa Bhreatain ag rá liom go dtriailfidh an IRA Nua ionsaí ollmhór de shaghas éigin a d’éileodh bearta nua slándála idir Éire agus an Bhreatain, agus idir an Tuaisceart agus an Phoblacht.
ÁIBHÉIL
“A luaithe is a thosaítear ar an mbóthar sin, theastódh níos mó cosanta ón teorainn agus eascróidh níos mó tacaíochta don IRA Nua as sin.”
Nuair a iarradh air an áibhéil a bhí sa mhéid a dúirt an Taoiseach, dúirt an t-iar-oifigeach faisnéise mar fhocal scoir: “Ní hea. Feiceann seisean an fhírinne. Tá an próiseas síochána an-ghoilliúnach. Níl ag teastáil ach droch-eachtra nó dhó agus d’fhéadfadh sé imeacht ó smacht an-tapa go deo.