DROCHSHEACHTAIN
DEA-SHEACHTAIN: VÓTÁLAITHE NA HÉIREANN
A chairde, dúirt mé ar an 12 Meán Fómhair “Má táimid chun an cur amú airgid seo a dhéanamh, tá súil agam go mbeidh sé siamsúil ar a laghad”. Bhuel, níl díomá orm – leis an gconspóid go léir, na díospóireachtaí
anordúla agus na físeáin feachtais fíoraisteacha táim ag baint an oiread taitnimh as an bpraiseach seo.
Tá rud éigin compordach faoi, is ionann an toradh dúinn é. Níl an post seo leath chomh tábhachtach céanna is atá an Uachtaránacht i dtíortha eile ar fud na cruinne, ach tá na hiarrthóirí fós ag déanamh a ndíchill.
Le haghaidh na saoithíní polaitiúla tá ionadaíocht chionmhar ar siúl chomh maith. De ghnáth, bíonn orthu fanacht go dtí olltoghchán le haghaidh sceitimíní agus drámaíochta den chineál seo.
Ar an iomlán, tá rud éigin do gach duine ann an babhta seo – tá súil agam go mbeidh spraoi ag cách, agus beidh mé ag caint libh faoi seo arís i gceann seacht mbliana.
DROCHSHEACHTAIN: AN GRIANCHÓRAS
Tá sé seo cosúil le tús drochfhicsean eolaíochta, ach ón méid is féidir liom a fheiceáil, is fíorscéal é. Tá sé beartaithe ag an tSín gealach shaorga a lainseáil agus í a chur ag gluaiseacht ar fithis timpeall an Domhain.
Tá sé i gceist acu an ghealach seo a cruthú chun airgead a shábháil ar an gcostas soilsithe do chathair Chengdu i gCúige Sichuan. Arís, ní ag magadh atá mé. Meastar go mbeadh an ghealach nua seo thart ar a hocht n-oiread níos gile ná an ghealach lag dhúr sin atá againn faoi láthair.
Tá an oiread fadhbanna leis an bplean seo go bhfuil imní orm. Cad a tharlóidh má éiríonn sí greamaithe ann? Má bhogann sí amach as an gcúrsa ceart? Má bhogann sí ró-ghar dúinn agus tá sé ró-the nó ró-gheal chun maireachtáil ar an bpláinéad a thuilleadh! Tá an tSín ina cúis mhór i dtéamh domhanda cheana féin, agus anois tá an ghealach seo chun muid ar fad a scriosadh. Brón orm; b’fhéidir go bhfuil mé beagán drámatúil i láthair na huaire, is mar gheall ar spreagadh thoghchán na huachtaránachta é.