Irish Independent - Seachtain

Bhí mé sásta an samhradh a fheiscint – ach anois, táim réidh don tráthnóna fada

- DÁITHÍ Ó SÉ

Tá an tráthnóna fada ag teacht, buíochas mór le Dia! Nílim liom fhéin nuair a deirim é seo ach tá’s agam chomh maith go bhfuil daoine eile ar an dtaobh eile don gclaí faoi seo.

Tá rud éigin ana-dheas mar gheall ar bheith istigh cois na tine ag a 6 a chlog tráthnóna agus é dubh dorcha amuigh.

Tá sé níos deise aríst nuair a bhíonn tú cois na tine ag a 6 tráthnóna agus tú istigh i bpub!

An méid sin ráite nuair a thagann laethanta fada an tsamhraidh bíonn áthas orm iad sin a fheiscint – agus sin mar a bhíonn agamsa, traochta leis an seanrud agus ag lorg athrú an t-am ar fad.

Tá caint anois le tamall do bhlianta fáil réidh leis an gclog ag dul ar aghaidh agus siar agus ní maith liom é seo. Tá sé seo ag teacht ón ‘Eoraip’ agus tá’s againn ar fad cad a tharlaíonn nuair a thagann rud ón áit sin – bíonn orainn é a shlogadh siar!

Ach cén fáth é a athrú anois? Tá taithí againn ar rudaí fé mar atá!

Chuir fear chugam mar seo é lá amháin agus d’fhan sé liom.

Má tá píosa éadaigh agat atá méadar ar fhad agus má ghearrann tú troigh ón mbarr agus é a fhuáil ar a bhun ní bhíonn an píosa éadaigh níos faide ná níos giorra, méadar éadaigh atá ann agus sin sin. Cheapas go raibh pointe maith aige… agus ní ón Eoraip é dála an scéil!

Chomh maith leis sin cad a tharlóidh má deintear cinneadh é

seo a thabhairt isteach agus muna mbíonn aon réiteach ar an mBreatimea­cht an mbeidh uair an chloig idir an t-am i nDún Dealgan agus

Iúr Cinn Trá? Pé rud mar gheall ar theorainn chruaidh bheadh teorainn ama ann chomh maith!

Leis seo gan dabht tá an deireadh seachtaine bainc ag teacht, ní hé go bhfuilim i gcoinne gach aon ruda inniu – ach tá sé ag teacht ró-luath dom. Samhlaím múinteoirí ag béicíl orm ag an bpointe seo (agus tá brón orm, a mhúinteoir­í!).

Ach nílimidne ar ais i rithim an gheimhridh ach le cúpla seachtain agus dá mbeadh sé ag deireadh na míosa seo chugainn bheadh sé níos fearr. Ach níl aon dabht ach go mbead ana-shásta maidin Dé Luain seo chugainn!

An lá seo an tseachtain seo chugainn beidh Oíche Shamhna againn, beidh an clog imithe siar ag an bpointe seo – agus beimid in ann dul amach breá luath sa tráthnóna.

 ??  ?? Athrú: Bíonn an tráthnóna fada i bhfad níos deise sa phub ag a sé a chlog
Athrú: Bíonn an tráthnóna fada i bhfad níos deise sa phub ag a sé a chlog
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland