Irish Independent - Seachtain

Scéal Samplach

Scríobh scéal faoi cheolchoir­m ar fhreastail tú uirthi le déanaí.

-

(D’fhéadfá an t-ábhar seo a úsáid freisin sa scrúdú cainte sa Teastas Sóisearach, san Ardteist nó sa chur i láthair sa tSraith Shóisearac­h dá mbeifeá ag caint faoin gceol, nó i litir faoi cheolchoir­m. Bí cliste leis an nGaeilge atá agat!)

Beidh cuimhne go deo agam ar an lá úd – an lá a bhí Justin Bieber ag seinm i bPáirc an Chrócaigh. Bhí mé féin agus mo chairde, Siobhán agus Laoise, ann. Bhí na ticéid ceannaithe agam ar an idirlíon. Chosain na ticéid ochtó euro. Bhí siad anchostasa­ch ar fad.

Bhí an áit plódaithe agus bhí gach duine ag screadaíl agus ag gáire. Bhí an chuid ba mhó den slua ina suí ar an bhféar, ag ithe agus ag ól. Bhí an aimsir go haoibhinn ar fad. Bhí an ghrian ag spalpadh anuas ón spéir agus ní raibh scamall ar bith ann. Ní raibh cíos, cás ná cathú orm!

Ba gheall le plimp thoirní an liú mór a tháinig ón slua nuair a tháinig Justin Bieber amach ar an ardán agus na soilse daite ag lonrú air. Thosaigh sé ag canadh láithreach! Thosaigh an-chuid duine ag bualadh bos agus ag damhsa. Níor thaitin sé sin le daoine eile mar ní raibh siad ábalta an t-ardán a fheiceáil. Ba chuma liomsa! Bhí mé in ardghiúmar! Bhain mé a lán taitnimh as an gceol iontach. Bhí mé ag canadh in ard mo chinn is mo ghutha! Smaoinigh mé ar mo chairde ar fad nár tháinig go dtí an cheolchoir­m. Bhí trua agam dóibh!

Bhí sé ag éirí an-te sa slua agus tar éis tamaill, thit cailín amháin i laige. Chonaic mé na seirbhísí éigeandála ag teacht chun cabhrú léi. Chuir siad an cailín bocht ina luí ar shínteán agus chuir siad í san otharcharr. Ansin, thug siad í go dtí an t-ospidéal.

Chan Justin Bieber ar feadh breis agus dhá uair an chloig gan stad gan staonadh. Ní gá dom a rá gur bhain mé an-sult as an gceolchoir­m. Bhí an ceol go hiontach ar fad agus chuir sé seó iontach ar siúl dúinn. Bhí mé spíonta agus tuirseach traochta nuair a chríochnai­gh an cheolchoir­m. Bhí scáth na hoíche ann nuair a d’fhág mé slán ag mo chairde. Ní raibh duine ná deoraí le feiceáil in aon áit. Bhí an saol ina chodladh go sámh nuair a shroich mé mo theach féin ar a haon a chlog.

Lá iontach a bhí ann agus bhí mé an-sásta gur cheannaigh mé na ticéid. Is fada liom go dtiocfaidh Justin Bieber ar ais go hÉirinn agus rachaidh mé chun é a fheiceáil arís gan dabht ar bith! Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an lá sin go deo na ndeor!

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland