Oíche Shamhna nach ndeánfaidh mé dearmad uirthi go deo!!!
Comhghairdeas le Hannah Ní Fhrighil a bhuaigh Spraoi le Cluichí dá scoil, Scoil Chnoc na Naomh. Níl Hannah ach ocht mbliana d’aois. Seolfar na cluichí amach chuici go luath. Ár mbuíochas le Lámh Chúnta a d’urraigh an duais.
Oíche Shamhna a bhí ann. Bhí sé fuar agus gaofar taobh amuigh. Bhí mo thuismitheoirí ar shiúl fá choinne na hoíche agus fágadh mise le m’aintín Máire. Ní raibh a dhath maith ar an teilifís. I ndiaidh tamaill, thosaigh mé ag amharc ar sheanscannán uafáis darb ainm ‘Goosebumps’. Bhí mé sceimhlithe i mo bheatha nuair a chonaic mé an príomhcharachtar, Slappy, ar an scáileán. Bhí sé chomh gránna sin agus ní raibh fiacail fágtha ina cheann. Bhí a fhios agam nach gcodlóinn néal go maidin ach d’amharc mé uaim gur thit mé i mo chodladh thart ar mheán oíche. I lár na hoíche, mhúscail mé le mo chroí ag preabadh. Thosaigh mé ag cur allais, go háirithe nuair a mhothaigh mé callán sa chistin. Go tobann, las an seomra suas le soilse agus líon mo chroí le heagla. Go tiubh géar ina dhiaidh sin, chuala mé duine inteacht ag siúl aníos an staighre. Scairt mé ar m’aintín, ach níor fhreagair sí mé ar chor ar bith. Ba dhóbair gur léim mé amach as mo chraiceann nuair a d’oscail doras an tseomra. Bhí mé glanchinnte gur Slappy a bhí ann le mé a thabhairt leis. Buíochas mór le Dia, mo mháthair a bhí ann. Bhí acu pilleadh ón óstán mar gur theip ar an leictreachas de thairbhe na haimsire. Bhí mé breá sásta glór s’aici a chluinstin. Chaith mé mo dhá lámh thart uirthi agus dúirt mé léi gan mé a fhágáil le haintín Máire níos mó. Thrácht sí go raibh mé chomh bán le sneachta. Níl iontas ar bith faoi sin!! Rud amháin atá cinnte, ní bheidh mise ag amharc ar Slappy nó ar ‘Goosebumps’ arís ar scor ar bith!!!