Ré Órga na Peile sa Phríomhchathair
1. Ré órga don pheil Ghaelach sa phríomhchathair atá ann faoi láthair, idir fhir agus mhná. Tá peileadóirí Bhaile Átha Cliath dochloíte le ceithre bliana anuas. Tá dhá chraobh uile-Éireann i ndiaidh a chéile buaite ag banpheileadóirí Bhaile Átha Cliath agus tá gach cuma ar an scéal go leanfaidh an fhoireann áirithe sin ar aghaidh ag dul ó neart go neart sna blianta beaga romhainn.
2. Éacht ceart atá bainte amach ag na banpheileadóirí. Cuimhnigh gur chaill an fhoireann seo trí chluiche ceannais uile-Éireann i ndiaidh a chéile ó 2014 go 2016. Briseadh croí ceart a bhí sa trí chailliúint mhóra sin agus tá teacht aniar dochreidte léirithe ag mná Bhaile Átha Cliath sa mhéid is nár éirigh siad as agus gur lean siad orthu ag iarraidh chraobh uile-Éireann a bhuachan. Tá sé sin déanta go slachtmhar acu le dhá bhliain anuas agus tá an dream áirithe seo de mhná agus a bhfoireann bhainistíochta le moladh go hard na spéire.
3. Maidir leis na fir, an dtiocfaidh deireadh le forlámhas Bhaile Átha Cliath sa pheil choíche? An é gur foireann eisceachtúil amach is amach atá sa dream áirithe seo d’imreoirí nó an bhfuil athruithe bunúsacha ag teastáil chun go mbeadh deis ag na foirne eile timpeall na tíre craobh na hÉireann a bhreith leo? Neosfaidh an aimsir.
4. Níl aon amhras faoi ach gur dream eisceachtúil d’imreoirí iad na peileadóirí sin a chuireann orthu geansaithe na hArdchathrach seachtain i ndiaidh seachtaine. Sheasfadh imreoirí dála Jack McCaffrey, Ciarán Kilkenny, Bernard Brogan, Stephen Cluxton, James McCarthy amach in aon ghlúin. Tá siad inchurtha le laochra peile Chiarraí ó na seachtóidí agus na hochtóidí. Go deimhin, déarfadh saineolaithe áirithe gur fearr foireann seo Bhaile Átha Cliath ná scoth foirne Chiarraí. Mar sin, níl aon dabht faoi ach go bhfuil cumas thar na bearta sa ghlúin seo d’imreoirí Bhaile Átha Cliath. Ach ní leor sin. Ní leor cumas maith peile a bheith ionat, caithfidh an dearcadh ceart a bheith agat freisin.
5. Tá meon den scoth ag peileadóirí uile an phainéil. Is daoine umhla iad ar fad. Is dian-oibrithe iad. Is traenálaithe iontacha iad. Is imreoirí neamhleithleasacha iad. Is imreoirí foirne iad uilig. Imríonn gach aon duine acu ar son a chéile agus iad amuigh ar an bpáirc imeartha. Níl aon duine acu leithleasach. Tugann siad an liathróid cheart don imreoir a bhíonn san áit cheart i gcónaí. Nuair a chuirtear na dea-thréithe sin ar fad i dteannta a chéile, ní haon ionadh é go bhfuil ag éirí thar cionn leo le tamall de bhlianta anuas.
6. Tá an-chreidiúint ag dul don fhoireann bhainistíochta chomh maith. Tá foireann bhainistíochta den chéad scoth ag peileadóirí Bhaile Átha Cliath faoi láthair. Tá fear stuama á stiúradh. Is duine ar leith é Jim Gavin. Is duine staidéartha, socair é. Tá fios a ghnó aige. Is duine é a bhfuil meas ag gach duine air. Tá buanna iontacha bainistíochta aige. Tá sé fíoreagraithe go deo mar dhuine. Arís eile, braitheann tú uaidh gur duine umhal, modhúil é a roghnaíonn na himreoirí a bhíonn ag imirt go maith ag an am sin. Ní fhéadfaí a rá go bhfuil sé fabhrach do ghrúpa áirithe imreoirí ar an bpainéal. Má imríonn tú go maith, tá gach aon seans ann go roghnófar tú.
7. Deir tráchtairí áirithe gur cheart leasuithe bunúsacha a dhéanamh ar struchtúr an chraobhchomórtais. Anuas air sin, táthar ag rá gur gá leasuithe bunúsacha a dhéanamh ar an gcluiche féin. Tá an cluiche féin éirithe thar a bheith diúltach, cosantach agus leamh in amanna, agus mar sin, ba cheart leasuithe éagsúla a thabhairt isteach cosúil le srian a chur ar na pasanna láimhe, loca pionóis a thabhairt isteach arís chomh maith le hathruithe maidir leis na ciceanna taobhlíne.
8. Fadhb eile atá ann, dar le tráchtairí áirithe, ná go bhfuil na buntáistí ar fad ag Baile Átha Cliath agus mar sin nach bhfuil cothrom na Féinne á fháil ag na contaetha eile timpeall na tíre. Luaitear rudaí cosúil le buntáistí airgeadais agus daonra. Dá ngearrfaí an contae ina dhá leath, bheadh seans i bhfad níos fearr ag contaetha eile comórtais a bhuachan, contaetha Chúige Laighean ach go háirithe. Dá dtabharfadh Páirc an Chrócaigh níos mó airgid do na contaetha eile ar fad, bheadh siad in ann a thuilleadh airgid a infheistiú i gcúrsaí cóitseála agus thiocfadh ardú ar chaighdeán na n-imreoirí sna contaetha sin dá bharr. B’fhéidir go bhfuil fírinne éigin sa mhéid sin ach n’fheadar dá gcuirfí na hathruithe sin ar fad i bhfeidhm an dtiocfadh aon athrú ar rudaí. Is í fírinne an scéil ná go bhfuil foireann eisceachtúil ag Baile Átha Cliath faoi láthair agus go dtiocfaidh deireadh lena ré órga luath nó mall. Bainimis sult as ardchaighdeán imeartha na foirne seo óir ní bhíonn in aon rud ach seal.
Gluais: dochloíte: unbeatable ó neart go neart: from strength to strength teacht aniar: resilience go slachtmhar: methodically forlámhas: domination a bhreith leo: to win inchurtha le: comparable with thar na bearta: exceedingly umhal: honest neamhleithleasach: unselfish fios a ghnó: expertise fabhrach: favourable táthar: Saorbhriathar, Aimsir Láithreach den bhriathar Tá leasuithe bunúsacha: fundamental reforms srian a chur: to limit loca pionóis: sin-bin cothrom na Féinne: fairness bainimis sult as: let us enjoy Ceisteanna:
1. Cé mhéad cluiche ceannais uile-Éireann a chaill an grúpa seo de bhanpheileadóirí Bhaile Átha Cliath sular bhuaigh siad an craobhchomórtas an bhliain seo caite?
2. Cén dea-thréith is mó a léirigh siad mar fhoireann le cúpla bliain anuas? 3. Luaigh dhá chúis a bhfuil ag éirí chomh maith sin le peileadóirí Bhaile Átha Cliath le cúpla bliain anuas.
4. Luaigh dhá thréith dhearfacha atá ag peileadóirí Bhaile Átha Cliath. 5. Déan cur síos ar an saghas duine atá i Jim Gavin.
6. Cad iad an dá ghearán is mó a chloistear ó thráchtairí maidir le forlámhas Bhaile Átha Cliath?
7. Breac síos dhá shampla den Mhodh Coinníollach in alt a hocht. 8. Breac síos dhá shampla den Tuiseal Ginideach in alt a sé.
9. Is léir go bhfuil an-mheas ag an údar ar fhoireann Bhaile Átha Cliath, idir fhir agus mhná. Cén chaoi a bhfuil an tuairim dhearfach sin léirithe aige? Is leor dhá phointe. Bíodh an freagra i d’fhocail féin.
Gníomhaíocht Ranga:
Má tá daoine sa rang a imríonn peil Ghaelach, déan dhá fhoireann díobh agus iarr orthu an t-ábhar seo a phlé os comhair an ranga.
Cleachtadh don Scrúdú Cainte:
Samhlaigh gur mhol an scrúdaitheoir sa scrúdú cainte foireann spóirt éigin go hard na spéire. Ullmhaigh an freagra a thabharfá air/uirthi sa scrúdú cainte maidir leis an bhfoireann sin.