Daltaí bunscoile le tabhairt faoi ranganna corpoideachais Gaeilge
Fógraíonn an tAire Oideachais nua plean chun lúth agus teanga a mhéadú – ag an am céanna
Is gearr go mbeidh daltaí bunscoile ag tabhairt faoi ranganna corpoideachais as Gaeilge, má thugtar cead a chinn don Aire Oideachais nua.
Dúirt an tAire Joe McHugh le Seachtain go dteastaíonn uaidh go labhrófaí níos mó Gaeilge sna bunscoileanna agus go dtabharfaí faoi níos mó corpoideachais.
Agus creideann sé go bhféadfaí an t-athbhreithniú ar churaclam na bunscoile a thapú mar dheis chun an dá sprioc a bhaint amach.
“Toisc go bhfuilimid i lár an leasaithe ar ár gcuraclam bunscoile beidh mé ag éisteacht go géar le gach páirtí leasmhara faoi seo,” a dúirt McHugh le Seachtain.
“Agus laistigh den leasú níos leithne ar an gcuraclam do bhunscoileanna, bheadh spéis faoi leith agam in athruithe ar an gcorpoideachas sa todhchaí, agus tá corpoideachas as Gaeilge ina measc sin.”
Bhí McHugh i mbéal an phobail in 2014 nuair a cheap Taoiseach na linne sin, Enda Kenny, mar Aire Gaeltachta é, cé nach raibh Gaeilge ar a thoil ag an Teachta Dála as Dún na nGall.
ATHRÚ
Ach d’fhoghlaim sé leis an teanga a labhairt go líofa agus deir sé anois go bhfuil seans aige an chaoi a múintear an Ghaeilge ar scoil a athrú, agus díriú ar an meánscoil freisin.
“Caithfimid comhthéacs na Gaeilge a shocrú agus a chinntiú go bhfuil múineadh na teanga ábhartha ar an chéad dul síos,” a dúirt an tAire.
“Mar cheann de na teangacha is sine in iarthar na hEorpa – i bhfad níos sine ná an Béarla – tá deis againn léargas a thabhairt ar an am ar caitheadh agus bealach le dul siar san am – stair ár muintire, ár logainmneacha agus an dóigh ar mhair ár sinsir.
“Trí leasú churaclam nua an teastais shóisearaigh fiosróidh múinteoirí bealaí nua chun é sin a dhéanamh. Agus leis an bhéim bhreise ar labhairt na Gaeilge a mhúineadh don Teastas Shóisearach, cabhróidh sé sin freisin.”
Tá tacaíocht curtha in iúl do McHugh ó gach cearn den tír le cúpla lá anuas toisc gur ordaigh sé athbhreithniú ar an gcinneadh gan ábhar éigeantach a dhéanamh den stair i meánscoileanna.
Tá scoláirí na chéad bhliana a thosaigh i mbliana ar an gcéad dream le blianta fada anuas a bhfuil rogha acu faoin stair.
Ach creideann an tAire gur botún a bhí ansin agus d’iarr sé athbhreithniú práinneach ar an gcinneadh.
Dúirt sé lena pháirtí ag an Ardfheis ag an deireadh seachtaine: “Cad é an dóigh a n-amharcfaimid chun cinn mura bhfuil a fhios againn faoinár stair féin?”