DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: TOMHALTACHAS
Tá a fhios ag an saol mór é! Tá an Tíogar Ceilteach fillte ar ais tar éis cúpla bliain san fhoraois.
Níl muid ar fad ag ceannach tithe nach bhfuil tógtha i nDubrovnic fós ach de réir na bhfigiúirí táimid ag caitheamh níos mó ná gur chaith muid i rith an phointe is airde den Tíogar Ceilteach.
Chun an fhírinne a insint, bhí mé beagán ró-óg chun taitneamh a bhaint as an lobhadh sa chéad bhabhta agus mar sin táim ag súil le cinntí breise dúra a dhéanamh le hairgead an t-am seo.
Níor cheart dúinn mothú ciontach áfach, toisc nach hé ár gcaiteachas a scriosfaidh an geilleagar an uair seo, ach an Breatimeacht. Leanfaimid orainn ag baint taitneamh as an Tíogar Ceilteach: Cuid a Dó.
DROCHSHEACHTAIN: CONOR MCGREGOR
San fhorbairt is déanaí den scéal seafóideach seo, ghabh an trodaí MMA leithscéal ó chroí mar gheall ar easpa stoic dá chuid fuisce ar na margaí. Is fear é seo nár thug leithscéal sa chúirt i Meiriceá i rith an tsamhraidh, ach is féidir leis maithiúnas a lorg as botún lóistíochtúil ó taobh stoic. Níl a fhios agam cén fáth a gcreidim go bhfuil sé seo chomh suimiúil, ach seo muid mar sin féin. I mo thuairimse, idir an saga “coinage”, an ghabháil i rith an tsamhraidh agus an scéala is déanaí leis an bhfuisce seo, sílim go bhfuil an teaghlach ar fad cosúil le taispeántas teilifíse réaltachta. Más mian le Conor éagsúlú a dhéanamh i dtionscail eile, ba chóir dó díriú ar an teilifís réaltachta. Ná bacadh sé leis an bhfuisce.