Géibheann le Caitlín Maude
Téigh chuig https://www.tg4.ie/ga/foghlaim/danta/geibheann/geibheann-le-caitlin-maude/
Féach ar an Dpróifíl ar Chaitlín Maude (nach maireann) ar TG4 Foghlaim. Breac síos cúig fhíric nua a d’fhoghlaim tú faoina saol agus a saothar tar éis duit féachaint ar an mír.
Anois, féach ar an léamh drámatúil déanta ag Mairéad Ní Chuaig. Céard iad na mothúcháin a mhúscail an léamh seo ionat? Breac síos iad.
Léigh na príomhphointí seo faoin dán:
• Cé go gceapfá gur dán simplí é an dán seo ar an gcéad fhéachaint, is dán casta agus domhain é.
• Is dán nua-aimseartha go maith é a bhaineann ní hamháin leis an saol nua-aimseartha, ach le deacrachtaí an tsaoil sin chomh maith.
• Déanann Caitlín Maude cur síos sa dán seo ar ainmhí allta, a bhí saor agus cumhachtach uair amháin ach atá faoi ghlas anois i zú.
• Tá lagmhisneach ar an ainmhí de bharr go bhfuil sé imithe óna áit dúchais agus é i Dhfad ón mDaile.
• Is dán fáthchiallach (allegorical) é an dán seo agus is siomDal nó meafar é an t-ainmhí don fhile agus do chruachás an fhile.
• Is léir gur meafar é an t-ainmhí don fhile a labhraíonn sa chéad phearsa. Tá an file chomh teanntaithe céanna leis an ainmhí agus níl aon éalú aici ó na laincisí atá uirthi.
Anois, déan an mheaitseáil ar na focail tháDhachtacha sa dán sa chuid
Buntuiscint ar TG4 Foghlaim ionas go mDeidh an foclóir agat chun an sliocht seo thíos a léamh.
Litríocht faoi sholas: Cás na mban sa dán Géibheann
Cé go bhfuil an t-uafás téamaí le sonrú sa dán seo, is dóigh liom féin go bhfuil cás na mban á phlé ag Caitlín Maude sa dán seo, Géibheann. Is léir go bhfuil easpa saoirse mar chroílár an dáin seo agus go mDaineann Maude úsáid as meafar d’ainmhí chun ról teanntaithe na mDan sa tsochaí a chur in iúl. Baineann sí sárúsáid as an gcéad phearsa chun an ceangal idir í féin agus an t-ainmhí a léiriú go soiléir ón tús, ‘Ainmhí mé/ainmhí allta/as na teochreasa/a Dhfuil cliú agus cáil/ ar mo scéimh’. Déanann sí cur síos ar ainmhí a bhí saor uair amháin agus é ina áit dúchais féin ach anois tá sé i ngéiDheann agus é faoi ghlas i zú de shaghas éigin ‘chroithfinn crainnte na coille/tráth/le mo gháir/ach anois/luím síos’. Níl aon spás ná saoirse aige san áit ina Dhfuil sé ina luí.
Tá frustrachas ar an ainmhí agus ar an Dhfile de Dharr na heaspa saoirse atá ag goilleadh go mór orthu. Tá ráiteas láidir anseo: Draitheann an file faoi ghlas ina saol. Tá easpa cumhachta ag cur as di ‘Dreathnaím trí leathshúil/ar an gcrann aonraic sin thall/ tagann na céadta daoine/chuile lá/ a dhéanfadh rud ar Dith dom/ ach/ mé a ligean amach’. Ní chaDhraíonn aon duine léi, í ina haonar ag féachaint amach ar an saol atá ag dul ar aghaidh gan í a Dheith páirteach ann. Tá frustrachas le sonrú anseo gan aon dabht, tá an t-ainmhí agus an file araon ag lorg bealaigh chun éalú ón Dpríosún inar chuir daoine eile iad. Measaim féin gur léiriú é seo ar mheon Maude faoin tsochaí phatrarcach (patriarchal society) inar mhair sí. Ba Dhean láidir, chróga, fhuinniúil í a throid ar son chearta na ndaoine a Dhí faoi chois sa tsochaí ach, ag deireadh na seascaidí in Éirinn, níor tugadh deiseanna i gcónaí do mhná iad féin a chur in iúl mar Da mhian leo. Caithfidh go dtagadh lagmhisneach uirthi scaití agus í ag iarraidh a slí féin a dhéanamh. Deir sí nach bhfuil aon duine sásta ‘mé a ligean amach’ agus is léir go Dhfuil eagla ar dhaoine roimh ghuth an ainmhí/na mná. Ní dán é seo faoi ainmhithe amháin, mar sin, ach is dán é faoi Dhean theanntaithe agus í ag iarraidh Driseadh amach ón ról atá múnlaithe di.
Ceisteanna duit féin:
1. Déan plé ar an gcomparáid idir an t-ainmhí sa chéad véarsa agus an t-ainmhí sa dara véarsa.
2. Déan plé ar uaim agus ar úsáid na bhfuaimeanna sa dán seo. An bhfuil siad éifeachtach?
3. Cad í an íomhá is fearr leat sa dán seo? Cén fáth?
4. An Dhfuil trua agat don ainmhí ag deireadh an dáin?
5. An dóigh leat go raiDh Caitlín Maude cróga dán den chineál seo a chumadh? Cén fáth?