An Saorbhriathar sna haimsirí is coitianta
Léiríonn úsáid cheart an tsaorbhriathair ardchaighdeán sa Ghaeilge. Téann sé i bhfeidhm go mór ar an scrúdaitheoir nuair a úsáideann tú an saorbhriathar - sa scrúdú scríofa agus sa scrúdú cainte. Úsáidimid an saorbhriathar nuair nach ndeirimid cé a rinne an gníomh san abairt. Mar shampla: The box was closed = Dúnadh an bosca
The kitchen is cleaned = Glantar an chistin
The door will be opened = Osclófar an doras
Féach thíos ar an mbosca a léiríonn an saorbhriathar agus na rialacha sna haimsirí is coitianta (briathra rialta). NB: Tabhair faoi deara nach mbíonn séimhiú ar an Saorbhriathar san Aimsir Chaite.
Ceacht – cuir an fhoirm cheart de na briathra seo isteach.
1. (Bris) an ghloine sa chistin inné.
2. (Ceannaigh) nuachtán sa siopa an tseachtain seo caite.
3. (Deisigh) fuinneog na scoile amárach.
4. (Ní: caith) tobac sa seomra foirne an bhliain seo chugainn.
5. (Díol) an t-árasán sin amárach.
6. (Ní: glan) an seomra folctha sin ach uair sa tseachtain.
7. (Tóg) na cóipleabhair amach as na málaí gach lá ar scoil.
8. (An: críochnaigh) an obair bhaile gach lá?
An tseachtain seo chugainn beimid ag féachaint ar shaorbhriathar na mbriathra neamhrialta sna haimsirí is coitianta.
Shane Ó Ruairc Is múinteoir Gaeilge agus staire é Shane i Meánscoil Chnoc Ainbhil, Baile Átha Cliath. Tá céim BA, MA sa Ghaeilge agus MA sa stair bainte amach aige ó Choláiste na hollscoile, Baile Átha Cliath, chomh maith le hard-dioplóma san Oideachas ó Choláiste na Tríonóide. Tá tréimhsí caite aige ag múineadh na Gaeilge i gceanada agus i Meiriceá.
Lydia Uí Ruairc Is múinteoir Gaeilge agus Béarla í Lydia i gColáiste Íosagáin, Baile an Bhóthair, Baile Átha Cliath. Tá céim BA (onóracha) agus Ard-Dioplóma san Oideachas bainte amach aici i gColáiste na Tríonóide agus ghnóthaigh sí Ard-Dioplóma san Aistriúchán agus MA sa Ghaeilge in Ollscoil na héireann, Gaillimh. Tá tréimhsí caite aici ag múineadh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.
Eagarthóireacht: Bairbre Ní Ógáin Deartha ag: INM Studio
Scríobh chugainn: schoolorders@independent.ie
Cúram Custaiméirí: 023 886 3968
Más mian leat sonraí d’ordaithe do ‘Réidh le Plé!’ a athrú, seol ríomhphost, le do thoil, chuig schoolorders@independent.ie