DEA-SHEACHTAIN / DROCHSHEACHTAIN LE CHRIS GREENE
DEA-SHEACHTAIN: FEIRMEOIRÍ CANNABAIS
Tá sé deacair nuair a bhíonn sraith scileanna agat nach bhfuil oiriúnach in áit ar bith. Samhlaigh cé chomh tógtha a bheidh tú má tá talamh feirmeoireachta agat agus an t-eolas sonrach chun cannabas a fhás.
Tá súil ag an Aire Sláinte reachtaíocht nua a chur i bhfeidhm in 2019 chun cannabas a dhlisteanú le haghaidh úsáid mhíochaine, rud a d’fhéadfadh an t-éileamh ollmhór a mhéadú. De réir suirbhé ar an lucht vótála, tá tacaíocht 81% ag an moladh.
Más garraíodóir thú, ba mhaith liom comhairle a chur ort teach gloine a cheannach roimh an ardú. Tá súil agam go gcoinneoidh na siopaí siabhráin a dtrealamh. Beidh siad gnóthach arís go luath.
DROCHSHEACHTAIN: JAY Z
Ní théann aon ghníomh maith gan phionós. Sílim go raibh an rún is fearr ag Jay Z s’againne ach is tubaiste iomlán é seo.
Cosúil le go leor daoine cáiliúla, tá gné dhaonchairdiúil ag Jay Z (táim cinnte nach bhfuil aon nasc le poiblíocht anseo, go gcrosa Dia) agus mar gheall air seo chuir sé córas scoláireachta ollscoile ar bun.
Mar fhear Chonamara, is breá liom trácht ar bith ar dheontas, ach nílim ró-tógtha leis an gceann seo. Fógraíodh an tseachtain seo caite áfach i roinnt den 255 scoláireacht nach bhfuil an méid mór a dhóthain chun na leabhair riachtanacha ar fad a cheannach fiú. Thug an scoláireacht seo $407,250 do 255 dalta, sin $1,597 ar an meán do gach duine. Le meánchostas de thríocha míle in aghaidh na bliana ar an ollscoil i Meiriceá tá beagán le dul aige fós.
Tá an deontas asail níos fearr. Ba chóir dó iad siúd a thabhairt amach ina ionad.