‘Is mór linn an gradam seo a fháil’
Tá sé fógartha go mbronnfar
Gradam Ghlór na nGael ar bheirt deartháireacha ó Bhéal Feirste a bhí ar thús cadhnaíochta ag forbairt phobail Ghaeilge na cathrach sin le breis is leathchéad bliain.
Seán agus Séamus Mac Seáin ó Bhóthar Seoighe atá
roghnaithe do Ghradam Ghlór na nGael 2019 a bhronnfar ar an mbeirt cheannródaithe ag ócáid bhronnta bhliantúil na heagraíochta i mBaile Átha Luain ag deireadh na seachtaine seo chugainn.
“Is mór linn an gradam seo a fháil mar is eagraíocht é Glór na nGael atá gníomhach sa phobal agus is sa phobal a bhíomar gníomhach i gcaitheamh ár saoil,” arsa Séamus Mac Seáin le Seachtain.
Nuair a dhóigh dílseoirí Sráid Bombay in 1969 chun an pobal Caitliceach a dhíothú ón áit, thosaigh Seamus agus Seán Mac Seáin, i dteannta le cara leo, Seán Mag Coill, feachtas bailithe airgid chun na tithe a thogáil arís – agus ba iad féin a thóg na tithe úd.
Ba iad freisin a bhí chun tosaigh i dtogáil Ghaeltacht Bhóthar Seoighe in aice le Baile Andarsan sna 1960idí agus in 1971 d’oscail siad Bunscoil Phobal Feirste, an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge sa chathair, in ainneoin bagairt phríosúin ó Roinn Oideachais an tuaiscirt.
Lean bunú Mheánscoil Feirste agus an Chultúrlann san fhoirgneamh céanna, sean-Eaglais Phreispitéireach is Halla Oráiste ar Bhóthar na bhFál, agus anois tá Coláiste Feirste i bhfoirgneamh nua-aimseartha agus breis is 600 dalta ann agus an scoil ag fás i gcónaí.