Athrú i ndán do dhlíthe pleanála ‘do mhuintir na háite amháin’
Tá an tAire Tithíochta Eoghan Murphy ar tí dlí pleanála atá ag sárú rialacháin Eorpacha le blianta fada a athrú, a nochtann Seachtain.
Tá deireadh na ndlíthe pleanála ‘do mhuintir na háite amháin’ ar tí contaetha tuaithe ar fud na tíre a athrú ó bhonn.
Faoi na rialacháin reatha, tugtar tús áite d’úinéirí talún nó dá ngaolta chun tógáil faoin tuath.
Ach dóibh siúd nach bhfuil aon bhaint ag a muintir le ceantar tuaithe, ní cheadaítear dóibh teach a thógáil – cé nach bhfuil aon srian orthu teach a cheannach san áit chéanna.
Chinn an tAontas Eorpach 12 bhliain ó shin go raibh na treoirlínte a d’fhoilsigh Éire in 2005 faoi thithíocht faoin tuath in aghaidh an dlí. Dheimhnigh an Coimisiún do Seachtain go bhfuil rabhadh eile tugtha aige d’Éirinn go bhfuil an cleachtas “idirdhealaitheach”.
Tá meitheal oibre ar tí a mholadh go n-athrófaí an cleachtas.
Cuireadh iallach ar údaráis na Beilge dlíthe a chaitheamh i dtraipisí cheana féin; bhí dlíthe pleanála do chainteoirí Pléimeannaise amháin ansin chun an teanga a chosaint.
Dúirt oifigigh tithíochta le Seachtain nár chreid siad go gcuirfeadh na hathruithe isteach ar cheantair Ghaeltachta. Luaigh siad an líon mór tithe a thóg muintir na háite le 15 bliana anuas agus a díoladh le daoine nach as an áit dóibh níos deireanaí.
D’fhoilsigh Seirbhís Leabharlainne agus Taighde an Oireachtais seasamh an AE ar chás na Pléimeannaise a luaitear mar an bunús chun deireadh a chur leis na rialacha Éireannacha nach gceadaíonn ach do mhuintir na háite tógáil i gceantar faoi leith.
“Deir údair an Dlí-Chumainn gur dóigh go gcinnfear go sáraíonn bearta idirdhealaitheacha a bhaineann le
naisc theaghlaigh le ceantar dlí an Aontais Eorpaigh, toisc gur féidir na cuspóirí atá siad ceaptha a bhaint amach (ar nós saintréithe tuaithe a chaomhnú etc.) a chur i gcrích gan an t-idirdhealú sin,” a dúradh sa nóta Oireachtais.
Bhí an tAire Murphy (ar dheis) faoi bhrú ó chomhairleoirí Fhine Gael ar fud na tíre na rialacha a athrú, toisc go gcuirtear i bhfeidhm go láidir iad, go háirithe i gcontaetha Chiarraí, Dhún na nGall agus na Mí.
Tarraingíodh aird ar chás amháin a bhain le hiarratas pleanála i gContae Chiarraí; b’as baile fearainn 3km ón suíomh an t-iarratasóir ach dúradh nárbh ionann sin agus ‘áitiúil’. Diúltaíodh don iarratas.
Dheimhnigh an Roinn Tithíochta go bhfuil tuarascáil ó ghrúpa athbhreithnithe le foilsiú go luath.
“Is dóigh linn go gcuirfidh an tAire Murphy na hathruithe i bhfeidhm a chuirfidh deireadh leis an riail faoi mhuintir na háite,” a dúirt foinse Rialtais amháin, “agus ba cheart go dtarlódh sé sin as seo go ceann cúpla seachtain.”
Ach tá foinsí tar éis rabhadh a thabhairt go bhféadfadh go mbeadh rialacháin nua ann faoi réimsí an chaomhnaithe speisialta nó leasa eolaíoch.