3m tvuít seolta Trasna na dTonnta
Ag tús na seachtaine seo a seoladh an trí mhilliúnú tvuít as Gaeilge, a thug an saineolaí ar na meáin shóisialta Kevin Scannell le fios ar Twtter.
Thug an tOllamh Scannell, a dhéanann taighde ar an ábhar in Ollscoil St Louis sna Stáit Aontaithe, an méid seo le fios i dtvuít é féin agus an feachtas Trasna na dTonnta chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar na meáin shóisialta á sheoladh i mBaile Átha Cliath.
Thug an tOllamh Scannell le fios sa tvuít gurb é Aindriú de Paor, feidhmeannach le Conradh na Gaeilge, a sheol an teachtaireacht chinniúnach.
Tá an feachtas Trasna na dTonnta a bheidh ar bun go dtí Dé hAoine ag díriú ar an gCibear-Ghaeltacht a neartú .
Ina measc siúd atá páirteach san fheachtas chun an Ghaeilge a úsáid ar na meáin shóisialta tá an Taoiseach Leo Varadkar agus an fuirseoir Dara Ó Briain. “Daoine as 67 tír ag glacadh páirte,” a thug an Taoiseach le fios sa tvuít is déanaí uaidh!