Irish Independent - Seachtain

DÁITHÍ Ó SÉ: DEALBHA LUKE KELLY – AGUS AN DIFRÍOCHT MHÓR EATARTHU

- DÁITHÍ Ó SÉ

Cúig bliana agus tríocha ó shin a cailleadh Luke Kelly a dúirt an nuacht liom an tseachtain seo caite. Is deacair é seo a shamhlú mar go maireann Luke Kelly agus a chuid amhrán linn i gcónaí.

Ní bheadh aon bhréag ann dá ndéarfainn libh ná bíonn lá ann ná beadh sé ar siúl sa charr agam nó amuigh ag siúl! Bhí guth ag an bhfear seo a bhí in ann dul íseal isteach sna bróga ag lorg nótaí agus an treo dá mhaith leis.

Chan sé na hamhráin seo ar nós go raibh siad scríte aige fhéin agus domsa sin an teist atá ann nuair a thagann sé go dtí amhránaith­e maithe.

Má bhí sórt ionaidh orm go raibh sé imithe cúig bliana agus tríocha níor cheapas go raibh sé ait go mbeadh dealbh á déanamh dó i mBaile Átha Cliath. B’ait liom ná raibh ceann ann dó cheana féin. Ansin tháinig an scéal amach go raibh dhá dhealbh de Luke Kelly á nochtadh, ceann ar an ndá thaobh don gCathair. Sea tá ciall leis sin, amhránaí chomh maith leis ba cheart go mbeadh an tríú ceann ann! Ach sara gcuirfimid an tríú ceann in airde is ceart dúinn féachaint ar an ndá cheann atá ann!

Dealbh chré-umha le John Coll agus dealbh mharmair le Vera Klutes. Tá na dealbha seo ana-dhifriúil. Féachann an dá dhealbh seo ar nós Luke Kelly ach i slite difriúla, ach caithfidh mé a rá go bhfuil ‘ceann’ Vera Klutes sórt ait.

Tá’s agam gurb a tógaint féin atá ann do Luke agus is ‘ealaín’ atá ann agus nuair a chuireann tú na rudaí seo ar fad ann is féidir pé rud is maith leat a dhéanamh.

Tá dealbh John Coll níos traidisiún­ta is dócha agus is maith liom an stíl seo níos mó nuair a thagann sé go seo. Bhí sórt toghacháin nó comhaiream­h vótaí ann ar shuíomh idirlín RTÉ agus b’fhearr le 74% dealbh John Coll.

Fiú nuair a bhí an tUachtarán agus a bhean i láthair do nochtadh dhealbh Klutes is dóigh liom gur baineadh sórt geite as Sibína an bhean bhocht!

Is annamh a bhíonn dealbh díreach ar nós an duine mar go bhféachann daoine difriúil do gach éinne. Cím rudaí áirithe i ndaoine agus tusa gnéithe eile. Tóg dealbh an imreora sacair Ronaldo atá in Aerfort Liospóin, murach a ainm a bheith taobh leis ní bheadh a fhios ag éinne cé atá ann.

Sé dealbh AP McCoy i Cheltenham an ceann is fearr a chonaic mé. Féachann sé díreach ar nós AP agus ní gá dul ag léamh timpeall air chun fáil amach cé atá ann. Sin ráite ní gá dul ag léamh timpeall ar dhealbha Luke Kelly ach an oiread, tá’s agat cé atá ann, níl aon dabht ann ach go gcaithfear féachaint fé dhó!

 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland