Fáilte go heagrán na seachtaine seo de Réidh le Plé!
San eagrán seo beimid ag féachaint ar an ngearrscannán Fluent Dysphasia le Stephen Rea a bhfuil a lán téamaí suimiúla le feiceáil ann. Beidh léamhthuiscint ghearr ann do lucht na Sraithe Sóisearaí ar an gceoltóir rathúil Calvin Harris agus, ar deireadh, beidh ábhar suimiúil againn do lucht na hArdteiste ar an dán An Spailpín Fánach.
Tá súil againn go mbainfidh tú an-sult go deo as eagrán na seachtaine seo de Réidh le Plé!