Irish Independent - Seachtain

Fluent Dysphasia

(2004) Gearrscann­án do lucht T1 An dara/an tríú bliain

- Stiúrthóir: Daniel O’Hara Léiritheoi­r: Gráinne O’Carroll

(Is féidir le scoileanna T2 an scannán seo a dhéanamh sa Chéad Bhliain mar rogha, óir is liosta molta é liosta na chéad bhliana.) Téigh go www.tg4.ie/ga/foghlaim chuig rannóg na ngearrscan­nán chun féachaint ar an scannán seo. Freagairt Phearsanta

Chonaic mé an gearrscann­án Fluent Dysphasia le Daniel O’Hara sa rang Gaeilge an tseachtain seo caite agus thaitin sé go mór liom. Dar liom, is gearrscann­án lán le doimhneach­t é agus ardaíonn an stiúrthóir roinnt ceisteanna ann faoi chúrsaí cumarsáide agus faoi chás na Gaeilge. Glacann Stephen Rea ról Murph agus glacann Jayne Stynes ról a iníne, Jane. Is léir ó thús an scannáin nach bhfuil caidreamh róshona eatarthu. Sa chéad radharc, is beag caint a dhéanann Murph le Jane sa chistin agus iad ag ithe suipéir. Tá an chistin an-salach agus níl suipéar ceart á ithe acu. Is léir nach dtugann Murph aire rómhaith di. Nuair a iarrann Jane air cabhair a thabhairt di lena cuid obair bhaile, deir sé léi nach mbeidh sé in ann cabhrú léi toisc nach bhfuil focal Gaeilge aige. Téann sé ar aghaidh ansin go dtí an teach tábhairne lena chara Seán chun féachaint ar chluiche sacair agus chun cúpla pionta a ól. Bhí an-trua agam do Jane agus í fágtha sa chistin léi féin, ag streachail­t leis an obair a dhéanamh léi féin.

Tá casadh greannmhar sa scannán áfach nuair a dhúisíonn Murph an mhaidin dar gcionn agus é ag labhairt Gaeilge, seachas Béarla. Tagann an-mhearbhall agus eagla air nuair a thuigeann sé nach féidir leis Béarla a thuiscint a thuilleadh. Téann sé ar cuairt chuig a chara Seán chun míniú a fháil ar an scéal agus cheap mé go raibh an radharc ag teach Sheáin an-ghreannmha­r mar cheap Seán go raibh Murph as a mheabhair agus go raibh ‘profession­al help’ de dhíth air. Bhí mé lag ag gáire ag an radharc sin!

Nuair a thuigeann Jane Murph, tagann faoiseamh air agus mhothaigh mé sa radharc, agus iad os comhair an tí, gur labhair siad lena chéile i gceart den chéad uair le fada an lá toisc nach raibh ach Gaeilge ag Murph. Cabhraíonn Jane go mór lena hathair agus é ag iarraidh Béarla a fhoghlaim ó thús arís. Ag deireadh an scannáin, tagann Seán ar cuairt chun míniú a thabhairt ar chruachás Murph agus arís, bhí mé ag gáire. Cheap mé go raibh sé greannmhar go ndúirt Seán go ndearna sé iarracht cabhrú le Murph nuair a bhuail sé a cheann ar an talamh ach ní dhearna sé ach a mhála sceallóg a ghoid uaidh! Ar deireadh, beartaíonn an triúr acu gur gá Murph a bhualadh ar a cheann arís chun go dtiocfaidh sé ar ais chuige féin arís. Is cinnte gur tháinig eagla orm ag an bpointe seo den scannán go raibh cinneadh mícheart glactha acu. Dúisíonn Murph ag labhairt Fraincise an uair seo agus phléasc mé amach ag gáire. Agus na creidiúint­í ar an scáileán, tá Murph le feiceáil, le Jane, ag baint sult as turas chun na Fraince agus an bheirt acu sona sásta arís.

 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland