Irish Independent - Seachtain

Fluent Dysphasia (ar lean.)

-

Bhain mé an-sult as an gcaidreamh idir Murph agus Jane a fheiceáil ag dul ó neart go neart le linn an scannáin. Bhí siad an-dlúth lena chéile ar deireadh agus thaitin sé liom gur fhoghlaim Murph conas cumarsáid a dhéanamh lena iníon arís. Níor thaitin an teachtaire­acht faoin nGaeilge liom, áfach. Cheap mé go raibh sé brónach nach raibh Murph in ann é féin a chur in iúl. Deir sé ‘cha dtig liom labhairt le daoine’ agus léiríonn sé seo go mbeadh sé an-deacair saol a bheith agat go hiomlán trí mheán na Gaeilge in Éirinn an lae inniu. Tríd agus tríd, áfach, thaitin an scannán greannmhar seo go mór liom.

Gníomhaíoc­htaí (Is féidir gach ceann de na gníomhaíoc­htaí seo a úsáid don phunann.)

• leis an duine in aice leat, déan plé ar an scannán seo. Ar thaitin sé leat? Rén carachtar ab fhearr leat? Ar cheap tú go raibh an chríoch go maith? Déan an comhrá seo a thaifead don phunann.

• Scríobh cuntas dialainne ó pheirspict­íocht Jane an oíche a tháinig Murph abhaile ag labhairt as Gaeilge.

• Scannánaig­h críoch dhifriúil leis an scannán seo. Is féidir é a thaifead ar IPAD scoile don phunann.

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland