Galileo
Réalteolaí agus Fisiceoir (1564 - 1642)
Ar chuala tú trácht ar Ghalileo riamh? Iodálach ab ea é a mhair thart ar cheithre chéad bliain ó shin. Bhíodh sé de shíor ag útamáil le rudaí, ag ceapadh rudaí nua agus á gcruthú. Nuair a bhí sé an-óg, d’éirigh leis bréagáin a dhéanamh a bhí in ann gluaiseacht. Is léir go raibh an-éirim aigne aige. Theastaigh uaidh i gcónaí a fháil amach conas mar a oibríonn rudaí.