Irish Independent - Seachtain

An Spailpín Fánach

Téigh go TG4Foghlai­m https://www.tg4.ie/ga/foghlaim/danta/an-spailpin-fanach/an-spailpin-fanach-anaithnid/

-

A. Éist leis an dán á rá os ard ar TG4Foghlai­m. Tabhair faoi deara fuaimniú na bhfocal éagsúil sa dán. Tabhair faoi deara chomh maith an luas ar a bhfuil an fear ag caint. Beidh an dá ní sin ina gcabhair mhór duit agus tú ag tabhairt faoin gcuid seo den scrúdú cainte.

B. Ansin, téigh go Cúlra an Dáin agus freagair na ceisteanna seo a leanas, bunaithe ar an mír físe sin: https://www.tg4.ie/ga/foghlaim/danta/an-spailpin-fanach/culra-an-dain/

1. An bhfuil a fhios againn go cinnte cé a scríobh an dán, An Spailpín Fánach?

2. An bhfuil a fhios againn cén chúige arbh as don té a chum an dán?

3. Cad faoi, go díreach, an dán seo?

4. Cén tír a bhí i bhfeighil na hÉireann san ochtú haois déag?

5. Cérbh iad na spailpíní fánacha in Éirinn san ochtú agus sa naoú haois déag?

6. Cén dream in Éirinn a raibh an chumhacht ar fad acu?

7. Cén fáth ar tugadh Croppies ar na daoine a d’éirigh amach in aghaidh na Sasanach san ochtú haois déag?

8. Cén saghas saoil a bhí ag an spailpín agus ag an saighdiúir in Éirinn ag an am seo, dar leis an Dochtúir Ó hÉalaí?

9. Cén cineál leapacha a bhíodh ag na spailpíní?

10. Déan cur síos ar an socrú a dhéantaí idir na spailpíní agus na tiarnaí talún maidir leis an obair.

 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??
 ??  ??

Newspapers in Irish

Newspapers from Ireland