An Spailpín Fánach – An dán mar léargas ar Éirinn san ochtú haois déag
Tugann an dán An Spailpín Fánach léargas iontach dúinn ar chúrsaí sóisialta agus polaitíochta na hÉireann san ochtú haois déag. Cé go raibh méid áirithe de neamhspleáchas dlíthiúil in Éirinn ag an am, is faoi smacht na Breataine Móire i ndáiríre a bhí an tír. Theastaigh ó dhaoine áirithe níos mó saoirse a bhaint amach d’Éirinn. Ba iad na hÉireannaigh Aontaithe na daoine sin. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1791 agus d’eagraigh siad an réabhlóid in 1798, an réabhlóid ar theastaigh ón spailpín páirt a ghlacadh inti: ‘ach glacfad fees ó rí na gcroppies, cleith is píc chun sáite’. Spreag na hÉireannaigh Aontaithe daoine ó gach aicme agus ó gach creideamh sa tír dul amach agus an tír a athrú ó bhonn. Bhí siad sin spreagtha ag Réabhlóid na Fraince sa bhliain 1789, réabhlóid a chuir deireadh leis an Ancien Régime sa Fhrainc. Theastaigh ón spailpín ról a bheith aige i ngluaiseacht den saghas céanna in Éirinn. Theastaigh uaidh an chumhacht agus an talamh a bhaint de na tiarnaí talún Sasanacha agus go roinnfí an talamh agus an saibhreas go cothrom ar ghnáthmhuintir na hÉireann. Bhí an dearg-ghráin aige ar lucht an rachmais: ‘Go deo deo arís ní raghad go Caiseal, ag díol nó ag reic mo shláinte/bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill, á fhiafraí an bhfuilim hireálta’. Bhí dóchas ann go n-éireodh leis an réabhlóid agus go dtiocfadh feabhas ar a shaol féin dá bharr: ‘ ‘s go brách arís ní ghlaofar m’ainm, sa tír seo, an spailpín fánach’. Tá a fhios againn nár éirigh le hÉirí Amach na nÉireannach Aontaithe sa bhliain 1798 agus go deimhin, gur dhaingnigh an Bhreatain Mhór a smacht ar Éirinn sa bhliain 1801 nuair a baineadh neamhspleáchas dlíthiúil den tír, scéal a mhair go dtí 1922.
Tá an saghas saoil a bhí ag an gcosmhuintir in Éirinn san ochtú haois déag i dtreis sa dán freisin. Tá bochtaineacht le feiceáil go soiléir sa dán: ‘Im spailpín fánach atáim le fada, ag seasamh ar mo shláinte, ag siúl an drúchta go moch ar maidin, ‘s ag bailiú galair ráithe’. Bhí éagothroime mhór idir saibhir agus daibhir in Éirinn ag an am agus tá tagairtí dó sin i rith an dáin: ‘bodairí na tíre ag tíocht ar a gcapaill’. Siombail de shaibhreas a bhí sa chapall agus is ag na tiarnaí talún Protastúnacha amháin a bhí na capaill mar gheall ar na péindlíthe a bhí fós i bhfeidhm in Éirinn ag an am.
Bhí deighilt an-soiléir idir na haicmí éagsúla in Éirinn an ochtú haois déag. Is ag bun an dréimire shóisialta sin ar fad ar fad a bhí an spailpín. Braithimid sa dán go bhfuil náire ar an spailpín áirithe seo mar gheall ar an suíomh sóisialta atá aige: ‘ar mhargadh na saoire im shuí cois balla, im scaoinse ar leataobh sráide’. Oibrí feirme a bhí sa spailpín nach raibh talamh dá chuid féin aige. Ní raibh ceird aige ach an oiread. Mar sin, bhíodh air taisteal timpeall na tíre de shiúl na gcos, cosnocht go minic, sa tóir ar obair shéasúrach ó na feirmeoirí móra. Saol fíor-chrua go deo a bhí ag an spailpín agus is ag brath go hiomlán ar a shláinte a bhí sé mar, dá dteipfeadh ar a shláinte, bheadh deireadh leis. Ní thiocfadh aon chabhair ón Rialtas. Mar sin, saol an-leochaileach agus éiginnte a bhí ag an spailpín. Mar thoradh ar a leochailí is a bhí saol an spailpín seo, bhí sé toilteanach imeacht leis na hÉireannaigh Aontaithe, dul i mbun troda leo agus a chuid a dhéanamh chun Éire a athrú ó bhonn.