Gaeltacht ‘dhigiteach’ an Údaráis
Tá Údarás na Gaeltachta ag súil le breis dlúis a chur faoi
ghréasán digiteach a fhorbairt ar fud na bpobal faoina gcúram le linn 2019.
Bhí sin ar cheann de na rudaí a tugadh le fios agus an tÚdarás ag fógairt thorthaí bliantúla 2018 le déanaí.
Le linn 2018 tháinig glanmhéadú 122 post sna ceantair Ghaeltachta ar fad agus tá ceannairí an eagrais sásta go maith leis sin.
Tá gréasán d’ionaid dhigiteacha le leathanbhanda ar ardluais á fhorbairt sna Gaeltachtaí éagsúla. Tá mol digiteach le hoscailt go luath i nGaeltacht Mhúscraí i gContae Chorcaí.