Corcra, albam úr ó Ghráinne
Tá go leor suime múscailte in albam nua an amhránaí Fheirsteach, Gráinne Holland, a seoladh ar na mallaibh.
Amhráin nuachumtha ar fad atá ar an albam a seoladh ar Lá Fhéile Bríde. Is é seo an tríú halbam ón amhránaí rathúil.
Amhráin iad seo a phléann le téamaí an ghrá agus an chaillteanais, na breithe agus an bháis.